Ceisteanna Craolacháin Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire. Tuigim an cás. Is é an fáth a bhfuil mé ag díriú air seo ná go bhfuil muid ag iarraidh déanamh cinnte de, nuair atá oibleagáidí á leagan síos do sheirbhísí teilifíse agus a leithéid sa tír seo, go bhfuil na seirbhísí sruthaithe ar nós Netflix gafa leis na hoibleagáidí sin agus go mbeadh oibleagáidí orthu cloí le pé dlíthe atá ann ní hamháin san Eoraip, ach sa tír seo freisin. Sa chás seo, tá an Fhrainc tar éis léiriú dúinn gur féidir oibleagáidí a chur síos atá níos déine ná na hoibleagáidí atá ann ó thaobh na hEorpa de chun cosaint a dhéanamh ar an gcóras scannánaíochta agus a leithéid ina tír féin agus ar an teanga náisiúnta atá aici. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20