Ceisteanna Craolacháin Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Leanfaidh mé ar aghaidh mar ní raibh mé críochnaithe. Má tá aon eolas breise ag teastáil ón Teachta, cuirfidh mo Roinn é ar aghaidh chuige. Faoi dhlí an AE, ní féidir oibleagáid infheistíochta a thabhairt isteach bunaithe ar chraobh léirithe faoi leith san Eoraip. Is féidir oibleagáid a thabhairt isteach chun ábhar a léiriú nó infheistíocht a dhéanamh in ábhair i dteanga áirithe, mar atá ann sa Fhrainc, faoi chásdhlí an AE toisc gur cuspóir chun leasa chách é teanga oifigiúil ballstáit a chaomhnú agus a chur chun cinn. Mar a dúirt mé níos luaithe, cinntíonn ár gcur chuige maidir leis an dtobhach ar léiriú ábhair cheana féin go gcaitear ar a laghad 25% den airgead a bhailítear a chaitheamh ar léiriú ábhair Ghaeilge. Is fiú a lua chomh maith go gcaithfidh aon oibleagáid infheistíochta a bheith le haghaidh léiriúcháin ó thíortha Eorpacha agus ní gá go mbeadh ábhair Éireannach i gceist. Is dócha go gcomhlíonfadh go leor soláthróirí móra atá bunaithe san AE atá ag díriú ar Éirinn an riachtanas seo cheana féin tríd a n-infheistíocht reatha. Mar sin, is dócha nach mbeadh beart den sórt sin ina bhuntáiste d'Éirinn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20