Birth Information and Tracing Bill 2022: Second Stage (Resumed) Dail Éireann — 2022-01-20 ============================================================ Seán Ó Fearghaíl (CC), Kildare South Gabhaim buíochas leis an Teachta. D'ardaigh sí ceist mar gheall ar leagan Gaeilge den Bhille. Tá mé tar éis comhairle a fháil chun an cheist a shoiléiriú beagáinín di. Tuigim gurb é an nós atá againn anseo ná go bhfoilsítear Billí a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an mBunreacht i mBéarla agus i nGaeilge ar dtús. Ach i gcás Billí nach mbaineann leis an dá chás sin, ní fhoilsítear iad i nGaeilge ach i mBéarla amháin agus nuair atá an reachtaíocht rite, is ansin a fhoilsítear an tAcht i mBéarla agus i nGaeilge. Níl sé sin sásúil agus ba chóir go mbeadh an dátheangachas ann ón tús, ach toisc an deacracht agus na fadhbanna atá i Rannóg an Aistriúcháin, is mar sin atá sé faoi láthair agus bhí sé mar sin le tamall maith anuas. Tá brón orm faoi sin agus déanfaimid iarracht rud éigin a dhéanamh faoi sin. Gabh mo leithscéal but we move to our next contributors who are Deputy Devlin sharing time with Deputy Carroll MacNeill. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:00+00:00 Sitting date: 2022-01-20