Leaving Certificate: Motion [Private Members] Dail Éireann — 2022-01-25 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central B'fhéidir gur gá dúinn an sean-nath cainte, "Is aoibhinn beatha an scoláire" a athrú nó "seachas le linn paindéime" a chur leis mar ní aoibhinn beatha an scoláire le blianta anuas. As mic léinn dara leibhéal an Stáit, is iad daltaí ardteistiméireachta na bliana seo is mó a bhí buailte ag an bpaindéim Covid-19 ó thuirling sí orainn i bhFeabhra 2019. Nílim ag rá nach raibh droch-éifeacht ar chúrsaí oideachais scoláirí i ranganna eile ach, i gcás daltaí ardteiste na bliana seo, tá trí bliana scoile i gceist san iomlán. In ainneoin iarrachtaí den scoth ó mhúinteoirí, ó phríomhoidí agus ó na daltaí féin ach go háirithe chun an seó a choimeád faoi lán seoil, tá trí bliana caite ag na daltaí seo ar chúrsa scrúdaithe a bhí curtha as riocht ina hiomláine. Tá a fhios agam go ndéanann roinnt daoine beag den, agus neamhaird ar an, idirbhliain ach is trua é sin mar tá sé lárnach agus na daltaí sin ag fás iontu féin. Tá cúrsaí oideachais san áireamh leis sin. Le teacht Covid-19, tháinig deireadh le cuid mhaith den obair a bhí leagtha amach dóibh do dheireadh na hidirbhliana. Agus breis is 60,000 dalta ardteiste ag tosú na cúigiú bliana agus ag díriú isteach ar an obair i dtreo scrúduithe na bliana seo, ní raibh a fhios acu an mbeidh na scrúduithe sin ag dul ar aghaidh. Ní raibh a fhios acu an mbeidh na scrúduithe scríofa ar líne, an ndéanfar iad ó bhéal nó an mbeidh gráid chreidiúnaithe nó gráid bunaithe ar algartam i gceist. Fós féin, níl a fhios acu cad a bheidh i gceist. Fós féin, rinne siad iarracht tabhairt faoin staidéar agus faoi na ceachtanna, d'ainneoin na srianta, go minic, lena n-áirítear na maisc, a bheith scartha amach sna ranganna le fuinneoga oscailte agus iad préachta nó ró-the ag brath ar an áit a raibh siad suite. Bhí siad ag stánadh ar scáileán beag 12 orlach nuair a bhí siad sa bhaile ar feadh 12 uair an chloig go minic, idir ranganna agus staidéar, nó fiú amháin é seo déanta ar a bhfón póca. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh ag ligean orainn nach raibh tionchar beag nó drochthionchar ar scolaíocht nó oideachas na ndaltaí seo, m'iníon féin agus a cairde, dar ndóigh, san áireamh. Ar nós a lán díobh, bhí cur chuige díograiseach acu agus bhí siad solúbtha ó thaobh céard a caitheadh ina dtreo ach, fós féin, ní fheicim ón Aire nó ón Roinn fós aon fhreagra ceart a thugann cothrom na Féinne do dhaltaí na hardteistiméireachta 2022. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-01-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:01+00:00 Sitting date: 2022-01-25