Non-Fatal Offences Against the Person (Amendment) (Stalking) Bill 2021: Committee Stage Seanad Éireann — 2022-01-27 ============================================================ Barry Ward (FG), Industrial and Commercial Panel Ba mhaith liom a rá go gairid, gurb í seo an tslí gur ceart don Oireachtas a chuid oibre a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh Billí ag teacht ó Sheanadóirí nó Theachtaí mar seo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire as éisteacht leis na Seanadóirí agus leis an ngrúpa. Ba chóir di é sin a dhéanamh agus tá a fhios agam go ndéanann sí é sin an t-am ar fad. Is maith an rud é go bhfuil Billí ag tosú sa Seanad agus ag dul tríd an Oireachtas le bheith ina Acht ag críoch an phróisis. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2022-01-27/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:03+00:00 Sitting date: 2022-01-27