Curaclam Scoile Dail Éireann — 2022-02-01 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West Mar is eol don Aire, tá an-bhuairt ar thuismitheoirí le gasúir ag a bhfuil Gaeilge mhaith acu mar tá scéal ann go mbeidh dhá churaclam Gaeilge ann ach nach mbeidh buntáiste dá laghad ann dóibh siúd a dhéanann an ceann is dúshlánaí. Cén uair a dhéanfar an cinneadh seo? Cén uair a chuirfear deireadh leis an tseafóid seo go mbeadh dhá churaclam ann agus na marcanna céanna as an gceann éasca agus a bheadh as an gceann deacair? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-01/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:03+00:00 Sitting date: 2022-02-01