Curaclam Scoile Dail Éireann — 2022-02-01 ============================================================ Pádraig O'Sullivan (FF), Cork North-Central Teastaíonn uaim tacú leis an méid atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Ba cheart dúinn daltaí a mhealladh chun an t-ábhar a thógáil ar an leibhéal is airde gur féidir leo, seachas labhairt faoi T1 agus T2 a bheith ar chomhchéim ó thaobh pointí de. Ba cheart dúinn deireadh a chur leis an raiméis mar gheall ar T1 agus T2 a bheith ar chomhchéim. Má chaithfimid pointí bónais a thabhairt don chaighdeán níos airde, caithfimid déileáil leis sin láithreach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-01/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:03+00:00 Sitting date: 2022-02-01