Higher Education Authority Bill 2022: Second Stage (Resumed) Dail Éireann — 2022-02-02 ============================================================ Joe McHugh (FG), Donegal Déanaim comhbhrón leis an Cheann Comhairle agus leis an Aire Stáit, an Teachta Niall Collins, faoin scéal faoin iar-Theachta Noel Treacy. Bhí muid le chéile ar an Choiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta fadó. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis. Cuirim fáilte roimh an Bhille cuimsitheach leathan seo. Tá an-chuid deiseanna sa Bhille do dhaoine aosta agus do dhaoine atá ag iarraidh athfhoghlaim a dhéanamh, dul ar ais ag staidéar nó atá ag smaoineamh faoi athrú post. Táim ag labhairt faoin fhoghlaim fad saoil. Tagraím don obair atá déanta leis na education and training boards, ETBs, thar na blianta mar shampla. Rinne na ETBs an bealach tábhachtach i dtús báire. Tá an taithí agus na scileanna ansin. Dá mbeadh aon phlean i gceist maidir le hathfhoghlaim nó foghlaim fad saoil, b’fhéidir go mbeidh cumarsáid nó nasc tábhachtach idir na ETBs agus na hollscoileanna tríú leibhéal chun obair le chéile ar an phointe seo. Chabhródh sin le daoine filleadh ar bheith ag foghlaim. Gabhaim aitheantas chuig an Aire Stáit, an Teachta Niall Collins, agus chuig an Aire, an Teachta Harris, fá choinne na hoibre iontach tábhachtach atá ar siúl sa Bhille seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-02/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:04+00:00 Sitting date: 2022-02-02