Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-02-09 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Ba cinneadh mí-ghnáthúil a bhí ann deireadh a chur le toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Sin cinneadh a thóg Rialtas de chuid Fhine Gael agus cinneadh a bhí páirtí an Aire Stáit i gcoinne. Ba cheart go mbeadh muintir na Gaeltachta in ann a gcuid ionadaithe féin a thoghadh díreach chuig an mbord. Tá sé sin fíorthábhachtach mar phróiseas daonlathach agus chun cinntiú go mbeadh an stuif a theastaíonn ó mhuintir na Gaeltachta á phlé ag an mbord. Ba chóir go mbeadh sé de chumhacht ag gnáthmhuintir na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a thoghadh. Dúirt ceannaire páirtí an Aire - an Taoiseach, an Teachta Micheál Martin - go raibh sé féin agus Fianna Fáil tiomanta go huile agus go hiomlán do bhord tofa a bheith ag Údarás na Gaeltachta arís, ach ó tháinig an páirtí i gcumhacht níl feicthe agam ach moill ina leith. Caithfidh an Rialtas é seo a dheifriú. Tá muid ag rith amach as am. Tháinig sé chun solais ar an Luan nár chuir eagraíocht ar bith tairiscint isteach do chomórtas an Oifig um Sholáthar Rialtais i leith athbhreithniú ar thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Dúirt Roinn an Aire Stáit go bhfuil sé i gceist aici próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú faoina dtabharfar an deis don phobal tuairimí agus moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn. Tá sé i gceist an próiseas sin a sheoladh go gairid. Tá roinnt ceisteanna agam don Aire Stáit. Cé chomh fada a thógfaidh an próiseas comhairliúcháin seo? Céard iad na céimeanna eile a bheidh á dtógáil ag an Roinn? An mbeidh toghcháin ar siúl go cinnte agus cén uair a bheidh siad ann? Táim fíorbhuartha go mbeidh na toghcháin seo á bhrú siar agus siar agus go rithfidh muid amach as am. Caithfidh an tAire Stáit a rá go soiléir go mbeidh siad ag tarlú agus tús a chur leis an bpróiseas ullmhúcháin láithreach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:06+00:00 Sitting date: 2022-02-09