Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-02-09 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Ní bhfuair mé soiléireacht ó shin, caithfidh mé a rá. Dúirt an tAire Stáit go bhfoilseofaí an ceistneoir go luath. Cén uair? Deirtear go bhfoilseofar é go ríghairid. Bhí an t-eolas sin amuigh san iomaíocht cheana féin. Táimid anseo chun an cheist seo a phlé. Táimid ag labhairt díreach leis an Aire Stáit. Teastaíonn freagraí uainn. Tá sé á phlé mar go bhfuil daoine fíorbhuartha faoi seo. Cén uair a sheolfar an ceistneoir seo? An bhfuil an tAire Stáit ag rá, go soiléir, linn inniu go mbeidh toghcháin ann do bhord Údarás na Gaeltachta? Cén uair a bheidh sé? Teastaíonn freagraí uainn. Is é sin an fáth go bhfuilimid á phlé inniu. Teastaíonn freagraí uainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:06+00:00 Sitting date: 2022-02-09