Supplementary Budget for Rural Communities and Farmers: Motion [Private Members] Dail Éireann — 2022-02-23 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Is léir go bhfuil muid i ngéarchéim i leith costais mhaireachtála. Feiceann muid ar fad go bhfuil na billí tar éis ardú, ach tá a fhios againn go bhfuil brú ar leith ar cheantair thuaithe ina thaobh seo. Tá praghas leictreachais tar éis ardú 22%, tá peitreal ardaithe 30%, tá díosal ardaithe 32%, tá gás ardaithe 28% agus tá ola don bhaile suas 50%. Níl ioncam na ndaoine atá orthu na praghsanna sin a íoc tar éis ardú ar chor ar bith. Is léir nach bhfuil cliú dá laghad ag an Rialtas faoin mbrú atá ar dhaoine agus chonaic muid é sin le seachtain anuas leis an gcúnamh atá an Rialtas tar éis a chur chun cinn. Níl cliú aige faoin mbrú atá ar dhaoine. Tá an Rialtas sásta tuilleadh brú a chur ar teaghlaigh trí ardú eile ar an gcáin charbóin a thabhairt isteach i mí Bealtaine, rud a chuirfidh níos mó brú ar na teaghlaigh sin. Dúirt muid leis an Rialtas anuraidh gur chóir labhairt leis an gcoimisiún faoin gcáin breise luacha a laghdú mar a rinneadh i dtíortha eile san Eoraip, ach ní raibh an Rialtas fiú sásta an cheist sin a chur. An tseachtain seo caite dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa Seomra seo gurb é an bealach go bhfuil an Rialtas ag cabhrú leo siúd atá ag fulaingt ná go bhfuil laghdú de 20% ar tháillí córas iompair poiblí, ach is léir nach bhfuil a fhios ag an Rialtas fiú nach bhfuil córas iompair poiblí ag feidhmiú i gceart sna ceantair thuaithe. Tá a fhios againn sin agus tá a fhios againn nach bhfuil busanna ar fáil dóibh siúd atá ina gcónaí i gceantair iargúlta. I nGaillimh, ghearr an Rialtas seo siar ar an tseirbhís bus fiú. Ghearr an Rialtas leis an gComhaontas Glas siar ar an tseirbhís bus ach táthar ag insint dóibh siúd atá ina gcónaí sna ceantair thuaithe gur chóir dóibh a bheith ag brath ar an tseirbhís bus sin. Ní fiú an chabhair sin ar chor ar bith. Tá na daoine sin ag brath ar an gcarr nó ar an leoraí i gcomhair na hoibre agus chuala mé ó tharlóir amháin go bhfuil an costas chun an leoraí a líonadh tar éis ardú ó €350 go €500. Tá sé sin ag teacht amach as a phóca féin. Níl sé ag fáil faic ón gcomhlacht atá sé ag obair dó. Tá brú eile air chun bia a chur ar an mbord, agus chun a bheith cinnte go bhfuil bia ag an teaghlach agus go bhfuil sé in ann a theach a théamh. Níl an Rialtas seo ag déanamh tada chun a chinntiú go bhfuil an chabhair sin ann do dhaoine cosúil leis sin atá ina gcónaí sna ceantair iargúlta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:10+00:00 Sitting date: 2022-02-23