Scéimeanna Teanga Dail Éireann — 2022-02-24 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ceist mhór fhada a bhí ann agus tá a fhios agam go raibh roinnt di rialaithe as ord go déanach aréir. An rud a bhí i gceist sa cheist ná tuilleadh eolais a fháil faoin scéim mar a bhí sí. An gcreideann an tAire Stáit gur uirlis í a bheadh úsáideach amach anseo maidir le slat tomhais ó thaobh cé mhéad teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge? An bealach é gur féidir clainne nó teaghlaigh a mhealladh chun fanacht leis an nGaeilge i gceantair Ghaeltachta atá faoi léigear ag an mBéarla nó fiú siúd atá tar éis an Ghaeilge a thréigean beagán teacht ar ais chuici? Tá na ceisteanna sin i gceist agam ach ceann de na fadhbanna atá agam ag déileáil leis an gceist seo ná go bhfuil mé de shíor ag lorg eolais ar cén chostas a bhí ann roimhe seo nuair a bhí an scéim ann. Ní raibh an Roinn in ann an méid sin a sholáthar dom roimhe seo ach b’fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann a insint dom cén chostas a bhí ar an Stát nuair a fuarthas réidh léi. Ansin b’fhéidir go mbeidh muid in ann a oibriú amach an fiú í a dhéanamh arís. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:11+00:00 Sitting date: 2022-02-24