Scéimeanna Teanga Dail Éireann — 2022-02-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar is eol don Teachta, cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge in 2011. Faoin scéim sin chuirtí deontais arbh fhiú €260 in aghaidh na scoilbhliana ar fáil do theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a bhí in ann léiriú don Roinn gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha an teaghlaigh. Tá an clár tacaíochtaí teaghlaigh, atá bunaithe ag mo Roinn ó 2012, dírithe ar thacaíochtaí atá pobalbhunaithe agus ní díreach ar bhonn pearsanta. Tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil ó mo Roinn faoin gclár sin. Anuas ar sin, tá réimse tacaíochtaí ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga agus tá cistiú suntasach ar fáil faoin gclár seo. Tá an cistiú seo ardaithe go céimiúil ó cuireadh tús leis. Mar shampla, tagraím arís don chistiú atá ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta. Leis an gcistiú sin, arbh fhiú breis agus €1.6 milliún é thar tréimhse trí bliana faoi láthair agus a ceadaíodh anuraidh, tá sé ar a chumas clár leathan tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá dírithe ar thacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:11+00:00 Sitting date: 2022-02-24