Scéimeanna Teanga Dail Éireann — 2022-02-24 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Aithním na tacaíochtaí praiticiúla a luaigh an tAire Stáit agus níl mé ag iarraidh cur as dóibh. Is anuas orthu sin a bheadh scéim labhairt na Gaeilge dá dtógfaí ar ais í. Ghlac an tAire Stáit leis, nuair a rinne sé tuarascáil taighde Thuismitheoirí na Gaeltachta a sheoladh anuraidh, go bhfuil géarchéim thromchúiseach ann i leith teangeolaíochta sa Ghaeltacht. Mar sin, tá ar an Stát díriú isteach ar conas is féidir leis teaghlaigh a mhealladh ar ais chuig an Ghaeilge, a mhealladh chun fanacht léi nó fiú siúd nach bhfuil tar éis clainne a thógáil le Gaeilge a mhealladh chun é sin a dhéanamh. Caithfear sin a dhéanamh ach go háirithe sna ceantair atá ar imeall na Gaeltachta agus atá i mbaol ón ngalldú atá ag tarlú timpeall orthu le tamall de bhlianta anois. Tá mé ag impí ar an Aire Stáit níos mó a dhéanamh agus níos mó airgid a chur sa treo sin le féachaint conas gur féidir leis fás agus conas gur féidir linn tacaíochtaí breise a thabhairt do na clainne sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:11+00:00 Sitting date: 2022-02-24