Scéimeanna Teanga Dail Éireann — 2022-02-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá maoiniú suntasach á chur ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, mar shampla, ó mo Roinn agus ó Údarás na Gaeltachta. Cuimsíonn an maoiniú sin dóibh tacú ar bhonn níos leithne le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil páistí ag aois réamhscoile acu. Tá ciste ar fiú €500,000 curtha ar fáil don eagraíocht ag mo Roinn i mbliana agus tá tuilleadh maoinithe ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta. Tá cistiú suntasach ann chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil trí na gréasáin bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta ó cheann ceann na bliana. Tá na cistí faoi leith a chuirtear ar fáil faoi scéim na gcúntóirí teanga, clár na gcluichí Gaeltachta, clár na n-ealaíon teangabhunaithe dár teideal CUISLE, agus beartais eile nach iad san áireamh sa chiste sin. Níl ansin ach cuid den chistiú. Tá tacaíochtaí eile ábhartha nach beag iad á gcur ar fáil ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta faoi scáth an phróisis pleanála teanga a chabhraíonn go díreach nó go hindíreach le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Is fiú a lua go bhfuil cistiú iomlán ar fiú €17 milliún curtha ar fáil ag mo Roinn faoin gclár tacaíochtaí pobail sa phróiseas pleanála teanga. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:11+00:00 Sitting date: 2022-02-24