Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-02-24 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá sé fíorthábachtach go mbeidh deis ag an bpobal a thuairimí a chur in iúl mar gheall ar an mbord agus ar an leagan amach a bheidh ann. Gan dabht, sa tslí atá ann faoi láthair, níl an rogha ag an bpobal a ionadaithe féin a roghnú. Tá laige ansin agus tá laghdú ar an nasc idir an pobal agus na hionadaithe atá ann thar a gceann. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeidh an deis sin ag an bpobal. An bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt ar an tréimhse a bheidh ag an mbord nua? An mbeidh gach ionadaí ar an mbord sin ar chomhchéim? An mbeidh deis ag gach ionadaí freastal ar feadh na tréimhse céanna? Faoi láthair, tá ionadaithe ann ó Chorcaigh, ón Mí agus ó Phort Láirge atá srianta. Níl ach dhá bhliain acu ar an mbord. Cuireann sé isteach ar fheidhmiú an bhoird go bhfuil daoine ag athrú an t-am ar fad agus go bhfuil tréimhse ghairid ann. An bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt air sin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:11+00:00 Sitting date: 2022-02-24