Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-02-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Leis an bpróiseas comhairliúcháin poiblí, beidh deis ag gach duine ar fud na tíre páirt a ghlacadh sa phróiseas. Aontaím leis an Teachta go mbeidh sé an-tábhachtach deis a thabhairt do gach duine páirt a ghlacadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Mar is eol don Teachta, beidh an próiseas comhairliúcháin poiblí ag tosú go luath. Tá súil agam go mbeimid in ann an t-athbhreithniú a thosú chomh luath agus is féidir. Nuair atá an próiseas seo críochnaithe, beimid in ann an struchtúr nua a chur amach agus na ceisteanna agus na céimeanna eile a shoiléiriú. Beimid in ann na ceisteanna sin a fhreagairt i ndiaidh an phróisis seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:11+00:00 Sitting date: 2022-02-24