Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-02-24 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá nasc idir an bord agus an pobal agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh an phróisis seo anois chun deis a thabhairt do dhaoine páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí. Ina dhiaidh sin, beimid in ann an struchtúr nua a chur amach nuair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe. Beimid in ann na céimeanna eile a fhoilsiú nuair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe maidir leis an mbord eile. Táimid ag déanamh na hoibre sin anois agus nuair a bheidh an t-athbhreithniú foilsithe, beimid in ann na céimeanna eile a chur amach maidir leis an mbord nua. Tuigim, ámh, go bhfuil an bord seo críochnaithe an bhliain seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú críochnaithe i rith an tsamhraidh agus beidh go leor míonna againn chun na céimeanna eile a chur i gcrích. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-02-24/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:11+00:00 Sitting date: 2022-02-24