Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2022-03-02 ============================================================ Mary Lou McDonald (SF), Dublin Central “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”. Is é sin atá ráite i mBunreacht an Stáit seo ach, seachas an díospóireacht inniu, is annamh a tharlaíonn díospóireachtaí lán-Ghaeilge anseo sa Dáil. Níl cead fiú ag Teachtaí Dála leasuithe a mholadh i nGaeilge. Tá cearta níos fearr ag feisirí i bParlaimint na hEorpa anois, toisc an tsárobair a rinne pobal na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus daoine ar nós Liadh Ní Riada a rinne stailc teanga ar son na gceart sin. Is é cearta teanga atá uainn. Faoi dheireadh, tá Acht teanga nua againn sa Stát seo agus tá dul chun cinn mór déanta ansin toisc leasuithe mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, ach caithfidh an Rialtas gníomhú de réir a bhriathair. Ó Thuaidh, táimid fós ag fanacht ar Acht teanga. Rinne Sinn Féin gach iarracht é sin a bhaint amach agus lorgaíomar cúnamh ón Rialtas anseo, ach níor tháinig an cúnamh sin. Táimid ag fanacht le gluaiseacht air seo ó Rialtas na Breataine. Caithfidh sé sin tarlú anois. Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Tá brú ollmhór ar theaghlaigh Ghaeltachta iompú ar an mBéarla agus an Ghaeltacht a fhágáil. Teastaíonn tithe uathu ina gceantair féin agus seirbhísí Stáit ina dteanga féin. Teastaíonn daonlathas uathu maidir le toghcháin d’Údarás na Gaeltachta. Tá gá le scéim labhairt na Gaeilge a bhunú arís, chun daoine a mhealladh chun páistí a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht, chun an Ghaeltacht a choimeád beo agus bríomhar sna glúnta amach romhainn. Caithfimid tacú le hiarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus lasmuigh di freisin. I mo cheantar féin, tá obair na gcapall ar bun ag tuismitheoirí agus pobal scoile i gColáiste Mhuire agus i Scoil Chaitríona sa Chabrach chun an Ghaeilge a spreagadh i measc na hóige agus tréaslaím leo as sin. Tá dea-thoil i leith na Gaeilge le sonrú i measc an phobail ar fad na tíre, ó Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste go lár Bhaile Átha Cliath. Teastaíonn an fuinneamh agus an spiorad sin uainn chun an teanga a shlánú. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus is ar scáth an chosmhuintir a mhairfidh an Ghaeilge. I measc cearta teanga, tá cearta oideachais. Ba chóir dúinn borradh a chur le líon na bpáistí atá ag freastal ar naíonraí lán-Ghaeilge agus ar Ghaelscoileanna ach ba chóir freisin cosaint a thabhairt don cheart atá ann leanúint ar aghaidh san oideachas dara leibhéal agus ardleibhéal trí Ghaeilge. Ní cóir go mbeadh an Ghaeilge srianta don scoil nó do lá amháin sa Dáil in aghaidh na bliana. Is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus tacaíonn Sinn Féin le ról na Gaeilge i ngach gné den saol. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-02/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:12+00:00 Sitting date: 2022-03-02