Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2022-03-02 ============================================================ Cathal Crowe (FF), Clare I rith Sheachtain na Gaeilge, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh díospóireacht againn sna Tithe seo ar ábhar na teanga agus an treo ina bhfuil sé ag dul. Molaim an tAire agus an tAire Stáit as an sárobair a bhfuil siad ag déanamh chun tacú leis an teanga. Roimh an toghchán bhí mé ag obair mar mhúinteoir bunscoile i Scoil Náisiúnta an Phairtín i gContae an Chláir. Bhí blas agus grá mór ag na páistí óga i leith na Gaeilge ach caithfimid go léir a admháil go bhfuil fadhb láidir sa tír seo le blianta beaga anuas mar níl caighdeán ard ag an gcuid is mó de dhaoine fásta in Éirinn anois. I mí Mheán Fómhair tháinig an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go dtí baile na hInse chun líonra nua Gaeilge a sheoladh go hoifigiúil, Líonra na hInse. Tá sárobair déanta ag Dónal Ó Loinsigh, Dónal Ó hAiniféin, an Comhairleoir Marc Mac an Adhastair, Síle Concannon agus go leor daoine eile. Chun éifeacht agus stiúradh a thabhairt don líonra, bhí post nua le cead ón Roinn fógartha sa The Clare Champion cúpla mí ó shin. Níl an post seo líonta faoin am seo mar tá stad curtha maidir leis ag an Rialtas. Impím ar an Aire agus ar an Aire Stáit idirghabháil a dhéanamh sa chás sin. Tá sé fíorthábhachtach do mhuintir bhaile na hInse agus do mhuintir an Chláir go mbeadh éifeacht ag an líonra na Gaeilge nua seo i mbaile na hInse ach caithfimid an post sin a líonadh agus duine a chur isteach chun éifeacht a chur leis an straitéis agus chun dul ar aghaidh leis an teanga. Tá roinnt ama fágtha agam agus táim lánsásta é a thabhairt ar ais do mo chomhghleacaí. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-02/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:12+00:00 Sitting date: 2022-03-02