Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2022-03-02 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West Luafaidh mé díreach rud amháin a bhí mé chun a rá - an tábhacht go labhródh tuismitheoirí Gaeilge lena gcuid gasúr má tá sí acu. Níl aon rud níos bunúsaí agus is cinneadh é a gcaithfidh tuismitheoirí a dhéanamh. Ní féidir leis an Stát an cinneadh sin a dhéanamh. Níl aon bhealach níos éasca an teanga a fhoghlaim ná í a fhoghlaim ó na tuismitheoirí sa bhaile. Níl aon bhaol ann níos mó go bhfásfaidh gasúr suas gan Bhéarla, rud a rinne imní do mhuintir na Gaeltachta fadó. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éireoidh linn an soiscéal sin a scaipeadh. Cinnte dearfa tá tacaíochtaí ag teastáil ó thuismitheoirí chun é sin a dhéanamh. Meabhraím don Aire Stáit go raibh soláthar ann in Acht na Gaeltachta, 2012 do na gréasáin Ghalltachta cathrach seo ach níor leagadh amach é sin riamh de réir mar a bhí i gceist sa staidéar teangeolaíochta. Níl aon leagan amach céard a chiallaíonn sé seo agus céard iad na háiseanna cearta ba chóir a bheith ar fáil. Le go mbeadh líonra den chineál sin, chaithfí naíolann, naíonra, bunscoil agus meánscoil, chomh maith le club an óige, clubanna do thuismitheoirí, go mbeadh a leithéid, mar shampla, agus go mbeidís in ann a theacht le chéile in ionad pobail agus go mbeadh clubanna spóirt ag feidhmiú trí Ghaeilge. Is é sin le rá, theastófaí plean cuimsitheach do na háiteanna seo atá ainmnithe agus nach bhfaighfí siad an stádas sin mura mbeadh na háiseanna seo ar fáil agus theastófaí maoiniú nach beag ón Stát. Má tá an Ghaeilge le bheith beo faoi cheann 100 bliain, caithfidh sí a bheith beo sna cathracha chomh láidir is a bheidh sí sa Ghaeltacht. Mura ndéanfar é sin ní mhairfidh an Ghaeltacht agus is míthuiscint ar dhaoine a cheapadh go mairfidh an Ghaeltacht scun scan ar an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar fud na tíre. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-02/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:12+00:00 Sitting date: 2022-03-02