Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2022-03-02 ============================================================ Fergus O'Dowd (FG), Louth Is breá liom a bheith ag caint anseo inniu. Chun an fhírinne a rá, is tamall fada é a bhfuil Seachtain na Gaeilge ann. Deirtear go bhfuil sí ann le 150 bliain. Tá a lán rudaí maithe déanta ag Rialtais ón tamall sin agus is rud maith é muid a bheith anseo ag caint anseo trí Ghaelainn. Tháinig m’athair ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, an áit is sia siar in Éirinn, mar a ghlaoitear ar an áit sin. Nuair a fhéachtar ar an daonáireamh ó 1901, my great grandfather at that time lived there on a small farm and he could only speak Gaeilge. Ní raibh aon Bhéarla aige, ar chor ar bith, ag an am sin. Tá an Ghaelainn sa dúiche sin láidir go fóill. Like I say, my first cousin’s children are á dtógáil trí Ghaelainn. Níl a fhios agam cén tslí ina bhfuil siad ag vótáil ach tá súil agam go mbeidh suim acu i bhFine Gael ach go háirithe. Tá mé ag féachaint ar an Teachta Daly ansin. Chuala mé a ainm ann le déanaí. Tá rudaí an-mhaith déanta ag an tír maidir le cúrsaí teanga. Tá an teanga curtha san áit cheart. Bhí mé ar Apple TV ar maidin. I was on my Apple TV to see what movies I could watch if I was bored in the Dáil, with all these long debates that we have, even though this is not one such debate, agus tá an scannán "Arracht" ann. Is féidir é a cheannach ar thimpeall €13 agus is rud an-mhaith é sin. On Apple TV right around the world, it is possible to buy and watch the Irish-language movie "Arracht". Molaim go mór, ó thaobh an chultúir agus an scannáin de, airgead a thabhairt do dhaoine a bheidh ag déanamh scannáin trí Ghaelainn nó fiú amháin má bhíonn siad dátheangach. Má tá an caighdeán chomh maith agus atá an scannán sin, tá rudaí an-mhaith ag titim amach ar son na Gaelainne agus daoine i ngach tír ar domhan ag féachaint ar scannán as Gaelainn. Nach rud maith é sin? Molaim Conradh na Gaeilge i nDroichead Átha. Tá siad ag seoladh imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i gCúige Laighean anocht. Ní féidir liom a bheith ann anocht ach tá súil agam go mbeidh slua breá ann. Ag caint faoin nGaeltacht ach go háirithe, tá sé an-tábhachtach go mbeidh cead ag muintir na Gaeltachta tithe a thógáil sa Ghaeltacht dá gclanna féin. Tá sé ráite ag daoine cheana féin. Níl sé sin ag titim amach. Ba chóir go mbeadh cearta bunúsacha ag daoine ón Ghaeltacht maireachtáil sa Ghaeltacht más féidir é sin a dhéanamh agus go mbeidh cead pleanála speisialta acu sna ceantair Ghaeltachta. Ní haon mhaitheas ceadanna pleanála a thabhairt do dhaoine nach bhfuil ón dúiche agus nach bhfuil an Ghaelainn acu, nuair atá ganntanas tithíochta do mhuintir na Gaeltachta iad féin. Tá rudaí nua ag titim amach áfach. Tá daoine óga ann. Tá na páirtithe go léir amhail Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin agus gach duine acu ag caint faoi phacáiste dátheangach. Cén fáth nach féidir linn pacáistíocht dhátheangach a bheith againn sa tír seo? Tá gach ceann de na páirtithe polaitiúla agus aon duine a raibh mé ag caint leo go mór i bhfabhar é sin. Molaim an méid atá déanta. San am nua atá againn, áfach, ba mhaith liom dá mbeifí ag féachaint ar an gcultúr agus an litríocht Gaelainne ach go háirithe. D’fhéadfaí an Béarla agus an Ghaelainn a bheith taobh le taobh agus daoine a bheith in ann an saibhreas agus na focail nach bhfuil ar eolas acu a thuiscint. Molaim foclóir beag a bheith ar gach leathanach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-02/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:12+00:00 Sitting date: 2022-03-02