Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2022-03-02 ============================================================ Pa Daly (SF), Kerry Ba mhaith liom labhairt ar ábhar a chiallaíonn go leor ach go ndéantar neamhaird air go minic, is é sin an chomharthaíocht agus comharthaí bóithre. Anuraidh, bhí an t-ádh linn i gCoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cloisteáil ó choimisinéir teanga na Breataine Bige ag an am, Aled Roberts. Fuair sé bás tamall gairid ina dhiaidh sin tar éis a bheith breoite ar feadh ama gairide. Ba mhaith liom m'ómós a thabhairt dá chuid oibre agus déanaim comhbhrón lena chlann, lena ghaolta agus lena chairde uile. Chualamar Aled Roberts, a phaisean agus an saineolas a bhí aige agus a bhí soiléir nuair a bhí sé ag caint linn. D'ardaíomar na comharthaí bóithre leis nuair a bhí sé linn sa choiste. Labhair mé faoin ábhar seo cheana féin. Bheadh sé sách simplí an méid a leanas a dhéanamh: ba chóir go mbeadh na comharthaí bóithre Gaeilge curtha sa phríomháit, seachas in áit na leathphingine. I gContae an Chláir, mar shampla, feicimid "Coillte" agus as Béarla feicimid "Quilty". I gContae na Mí, seachas "An Obair" sa phríomháit feicimid "Nobber". Ba chóir go mbeadh an phríomháit don logainm Gaeilge agus go mbeadh an Béarla sa dara áit. Déantar é sin sa Bhreatain Bheag mar chuid de reachtaíocht tánaisteach. Is féidir agus is ceart é sin a dhéanamh in Éirinn chomh maith agus ba chóir don Rialtas féachaint air seo a thabhairt isteach, b'fhéidir mar ionstraim reachtúil nó statutory instrument. Dúirt an tAire Stáit, an Teachta Chambers, roimhe seo go raibh scéim phíolótach ann a d'achtaigh an polasaí seo, a pilot scheme as opposed to a Pontius Pilate scheme as you cannot wash your hands of this. An bhfuil sé sin fíor mar dúirt an tAire Stáit ina dhiaidh sin gur ceist don Roinn Iompair é? Ní dóigh liom gur ceist don Roinn Iompair atá ann. Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge agus as pobal na Gaeilge, is cinnte go bhfuil sé seo go daingean fós ina chúram féin. Is féidir leis agus is ceart dó é sin a chur i gcrích. Scríobh mé go dtí an tAire Stáit faoi dhó ag cur in iúl conas a d'fhéadfadh sé sin a dhéanamh. Fiú amháin mholamar foclaíocht dó. B'fhéidir go mb'fhearr cruinniú a bheith againn chun díospóireacht a dhéanamh air sin. Ceist ríthábhachtach eile mar gheall ar neart agus cosaint na Gaeilge is ea an cumas atá ag daoine teacht ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá An Garda Síochána ar ceann de na príomhchomhlachtaí Stáit a bhíonn an caidreamh is mó ag daoine leis. Is iomaí uair a rinne an coiste iarracht freagraí a fháil mar gheall ar drochsholáthar seirbhísí i nGaeilge agus le déanaí tháinig finnéithe os comhair na coiste chun labhairt faoi deireadh a chur le ceanglas áirithe a bhaineann le labhairt na teanga. Bhí cruinniú agam le Todhchaí na Tuaithe mar is rud an-tábhachtach é, mar a dúirt cúpla Ball eile, daoine a bheith ag maireachtáil sa Ghaeltacht. Bhuaileas le duine darbh ainm Andrea Palandri as Venezia nó Venice san Iodáil. Tá sé ina chónaí i gCorca Dhuibhne agus tá Gaelainn den scoth aige. Dúirt sé liom go bhfeiceann sé na problems céanna a chonaic sé i Venice. Níl daoine in ann maireachtáil sa chathair in aon chor agus níl siad in ann fanacht ansin. Tá siad ag cailliúint na teanga agus an idiom a bhí acu i Venice chomh maith agus feiceann sé na fadhbanna sin anseo. B'fhéidir go mbeadh an tAire in ann rud a dhéanamh mar gheall air sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-02/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:12+00:00 Sitting date: 2022-03-02