Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2022-03-02 ============================================================ Thomas Pringle (IND), Donegal Tá áthas orm cur leis an díospóireacht ar Sheachtain na Gaeilge. Tá mé ag freastail ar ranganna Gaeilge le cúpla bliain anuas mar iarracht mo stórfocal a mhéadú le bheith in ann cur le díospóireachtaí sa Teach. De réir a chéile tá sé ag obair. Is breá liom an teanga ach bhí an iomarca eagla orm í a labhairt i gcónaí agus bhí eagla orm go ndéanfainn praiseach di go poiblí. Táim ag tnúth le go mbeidh mé in ann cur le níos mó díospóireachtaí as Gaeilge agus go mbeidh sé níos éasca dom céim ar chéim. Tá a fhios agam go bhfuil turas fada os mo chomhair ach tús maith leath na hoibre agus tá an chéad chéim á togáil agam anois. Tá súil againn go léir nach mbeidh gá le Seachtain na Gaeilge amach anseo ach go dtí sin leanfaimid ar aghaidh ag cur na Gaeilge chun cinn. Tá áthas orm a bheith rannpháirteach inniu agus tá súil agam cur leis amach anseo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-02/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:12+00:00 Sitting date: 2022-03-02