Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis Dail Éireann — 2022-03-02 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tréaslaím leis an gCeann Comhairle as an obair go léir atá á déanamh aige chun ár dteanga a bhrú ar aghaidh sa Dáil agus sa Choiste Gnó. Beidh mé féin ag déanamh gach rud is féidir liom chun cabhrú leis anseo chomh maith. Ón am seo anuraidh, tá céim mhór shuntasach bainte amach ó thaobh an Achta nua a bheith tugtha chun cinn. Cuirfidh sé sin le líon na nGaeilgeoirí sa státchóras. Bhí go leor cainte mar gheall air le fada an lá. Gan dabht, chaitheamar tréimhse mhaith ag caint mar gheall air an bhliain seo caite ach, ar deireadh, tá sé ann. Tá sé tagtha. Tá go leor dúshlán romhainn chun é sin a chur i bhfeidhm ach is cinnte go bhfuil céim shuntasach chun cinn bainte amach. Tugaim aitheantas dó sin. Tá go leor dúshlán eile romhainn i measc An Gharda Síochána, RTÉ agus státeagrais eile. Díreoidh mé ar Uisce Éireann. Tá faillí á dhéanamh aige ansin. Ní thugann sé aird ar riachtanais teanga ná ar mhuintir na Gaeltachta. Bhí sampla an-olc i mBéal Átha an Ghaorthaidh, áit a bhfuil córas séarachais ag teastáil le fada an lá. Ní aithnítear an riachtanas phobal Gaeltachta agus mar sin, níl sé á bhrú ar aghaidh chomh tapa agus a d'fhéadfadh sé. Tá sé ar chomhchéim le a lán áiteanna eile. Tá sé ag cur isteach ar chúrsaí teanga sa dúiche nuair nach bhfuil muintir na háite ábalta tithe a thógáil, fiú sa sráidbhaile. Tá ról an-tábhachtach ag an gcóras oideachais. Díreoidh mé ar an athbhreithniú maidir leis an ardteistiméireacht agus T1 agus T2. D'fhéadfadh sé seo a bheith ina rud an-dearfach chun cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn. Tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaidh san áireamh aon athbhreithniú ar an teastas sóisearach ar dtús áfach agus go mbeidh an t-eolas sin á úsáid chun na céimeanna ar aghaidh a thabhairt chun cinn. Maidir le Gaelscolaíocht, tá an-chuid éilimh ar chúrsaí teanga. Feicim é i mo cheantar féin leis an dara Gaelscoil i mBaile an Chollaigh, Gaelscoil an Chaisleáin. Tá sí faoi bhrú. Tá sí ar an bhfód ó 2017 agus tá foirgneamh buan ag teastáil go práinneach. Bheadh sé tábhachtach é sin a bhrú ar aghaidh. Beidh fáilte mhór roimh na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht sa samhradh romhainn agus roimh an bhfuinneamh, an spiorad agus gach rud a thagann leo. Fáiltím roimhe sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-02/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:12+00:00 Sitting date: 2022-03-02