Address to Seanad Éireann by Ms Linda Ervine to mark Seachtain na Gaeilge Seanad Éireann — 2022-03-03 ============================================================ Alice-Mary Higgins (IND), National University of Ireland Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Linda chuig Seanad Éireann inniu agus aitheantas a thabhairt don obair thábhachtach atá ar siúl aici le bunú Turas agus Naíscoil na Seolta. Tá sé léirithe agat gur meán í teanga inar féidir pobal a aontú. Sin mar is féidir dul chun cinn a dhéanamh agus léas a thabhairt isteach trí bheith ag foghlaim faoinár stair agus faoinár gcultúr comhroinnte. Tá stair fhairsing ag an Seanad maidir le guthanna mionlaigh agus tá cuntas ag an Teach seo ó thaobh tábhacht na teanga de. Mar shampla, san Oireachtas roimhe seo, ritheadh Bille an Chathaoirligh, an Seanadóir Mark Daly, chun aitheantas a thabhairt do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann. My pronunciation is not great and my language is not great. Like many, I am trying to improve all the time. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2022-03-03/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:13+00:00 Sitting date: 2022-03-03