Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation Dail Éireann — 2022-03-09 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá costais boilscithe ag cur an-bhrú ar dhaoine ar fud na tíre, idir dhíosal, pheitreal agus go leor eile ar nós córas iompair, feirmeoireachta, tógála, agus go háirithe daoine a bhíonn ag taisteal isteach agus amach ag obair go laethúil nó ag iarraidh an teach a théamh. Bhí an brú sin ann i bhfad roimh an gcogadh uafásach san Úcráin. Cinnte, cabhróidh an chéim atá á tógáil ag an Rialtas anois faoiseamh a thabhairt do dhaoine le cuid de sin, ach is fadhb í ar fud na hEorpa. Chonaiceamar an tslí ina raibh an Eoraip in ann seasamh le chéile ar son na hÚcráine, agus seasamh le chéile ó thaobh an vacsaín a chur ar fáil. An féidir leis an Eoraip seasamh le chéile agus céimeanna éigin a thógáil maidir leis an gcostas boilscithe agus go gcuirfeadh sé faoiseamh breise ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh taisteal chun na hoibre nó an teach a théamh? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:14+00:00 Sitting date: 2022-03-09