Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation Dail Éireann — 2022-03-09 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Is féidir leis an Eoraip teacht le chéile, agus is iontach an scéal é go bhfuil an méid sin aontais ann agus go bhfuilimid go léir ag obair le chéile maidir leis an méid atá déanta ag an Rúis ar an Úcráin. Is uafásach an scéal é go bhfuil cogadh ag an am seo agus go bhfuil a lán daoine ag fulaingt de dheasca an chogaidh seo. Caithfimid gach rud a dhéanamh ar dtús chun é sin a ísliú agus chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine. Mar aon leis sin, aontaím leis an Teachta go bhfuil brú faoi leith ar mhuintir na tíre seo ó thaobh cúrsaí ola de agus praghsanna ag dul in airde lá i ndiaidh lae. Níl aon dul as. An pacáiste atá foilsithe ag an Rialtas inniu, is cabhair a bheidh ann. Is cabhair an-mhór é chomh maith an rud a rinneamar mí ó shin, chun iarfheistiú a dhéanamh ar suas le 500,000 teach. Beidh muid ag déanamh scrúdaithe ar a lán nithe a bhaineann leis seo sna seachtainí atá le teacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:14+00:00 Sitting date: 2022-03-09