Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation Dail Éireann — 2022-03-30 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Ba mhaith liom aird an Taoisigh a tharraingt ar chúrsaí séarachais ar Inis Mór, atá ag truailliú na timpeallachta agus ag cur isteach ar shláinte mhuintir an oileáin. Tá leithris phoiblí nua, córas séarachais chuí do thithe Chill Rónáin agus córas séarachais rialaithe ag teastáil, chomh maith le plean do chóras cóireála fuíolluisce. An ndéanfaidh an Taoiseach fiosrú ar an bhfadhb seo agus an gcinnteoidh sé go mbeidh an obair atá ag teastáil ar chóras séarachais Inis Mór déanta i gceart? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-03-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:18+00:00 Sitting date: 2022-03-30