Covid-19 Pandemic Supports Dail Éireann — 2020-07-22 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as ucht a ardú céime chun Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeimid in ann oibriú le chéile ar mhaithe na hearnála seo go háirithe. Chuala mé cad a bhí á rá ag an Aire Stáit agus tá brón orm, ach ní freagra é sin ar mo cheist. Don chuid is mó de na hearnálacha eile, tá bealach chun tosaigh, plean oibre nó pacáiste tarrthála chun déileáil le torthaí Covid-19 anois agus sa todhchaí leagtha amach cheana féin nó á leagadh amach ag an Roinn. Bhí an méid a dúirt an tAire Stáit ina fhreagra ag díriú isteach ar an méid atá ag tarlú faoi láthair. Aithním roinnt de na cinntí sin agus d’fháiltigh mé rompu cheana féin leis an Aire sinsearach, ach cá bhfuil an plean tarrthála a théann chun tosaigh ar an méid atá leagtha amach go dtí seo? Cén uair a bheidh sé foilsithe agus cén uair a bheidh sé soiléir do ghnáth phobal na tíre? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:27+00:00 Sitting date: 2020-07-22