Covid-19 Pandemic Supports Dail Éireann — 2020-07-22 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Gabhaim buíochas leis an Teachta as an ábhar tábhachtach seo a ardú. Ní raibh an t-am agam an t-eolas iomlán a thabhairt dó i mo chéad fhreagra. Leanfaidh mé ar aghaidh le cuid den eolas seo. Tá soláthar iomlán de €23.652 milliún curtha ar fáil ag an Roinn d’Údarás na Gaeltachta i 2020. Baineann €10 milliún den soláthar seo le buiséad caipitil na heagraíochta chun fostaíocht a chruthú. Sa bhreis ar sin, tá ciste suas le €10.484 milliún san iomlán curtha ar fáil don údarás faoin gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe, chomh maith leis an gciste um fhorbairt fiontraíochta réigiúnaí, le dhá bhliain anuas. Ó tharla géarchéim Covid-19, tá teagmháil leanúnach ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh Údarás na Gaeltachta faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim ar chliant-chomhlachtaí na heagraíochta. Fógraíodh le déanaí go mbeadh rochtain ag cliant-chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ar réimse iomlán tacaíochtaí faoin gciste cothaithe fiontair agus €5 milliún breise ar fáil i mbliana mar thús don eagraíocht le hathbhreithniú a dhéanamh ar a chuid riachtanais roimh dheireadh na bliana. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:27+00:00 Sitting date: 2020-07-22