Covid-19 Pandemic Supports Dail Éireann — 2020-07-22 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Fáiltím roimh an €5 milliún breise a luaigh an tAire Stáit d’Údarás na Gaeltachta, ach sin an t-aon mhaoiniú breise a fheicim go dtí seo don Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Arís, cén uair a bheidh an plean tarrthála don Ghaeltacht atá bainteach le Covid-19 á fhoilsiú? Ní bhaineann an t-ábhar seo leis na fadhbanna atá ann faoi láthair, ach na fadhbanna a bheidh ann do mhná tí an bhliain seo chugainn, mar an t-airgead a bheidh gá dóibh a infheistiú ina gcuid tithe, mar shampla. Beidh fadhbanna ann freisin do na hionaid phobail, don Ghaeltacht i gcoitinne agus d'Údarás na Gaeltachta é féin agus é ag triail comhlachtaí a mhealladh isteach sa cheantar in iomaíocht le ceantair eile. Tá slám mór oibre le déanamh agus níl mé ach ag fiafraí cén uair a bheidh an plean tarrthála sin foilsithe. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:27+00:00 Sitting date: 2020-07-22