Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge Dail Éireann — 2020-07-22 ============================================================ Pearse Doherty (SF), Donegal Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit. Tá súil agam go bhfeicfimid é, agus an tAire sinsearach, i nGaeltacht Thír Chonaill gan mhoill. Baineann an cheist atá roimh an Dáil leis na tacaíochtaí gur féidir leis an Roinn a thabhairt don rannóg Ghaeilge i gcampas Mhic Aoidh i nDoire de chuid Ollscoil Uladh. Bhuail Teachta Mac Lochlainn agus mé féin le grúpa ollamh agus léachtóirí ón rannóg seo le gairid. Is é an rannóg Ghaeilge sin an t-aon rannóg Ghaeilge a bhíonn ag teagasc go huile is go hiomlán i nGaeilge Uladh. Déanann sé freastal ar chainteoirí Gaeilge Uladh sa taobh seo tíre. An bhfuil Roinn an Aire Stáit sásta tacaíocht airgid nó cúiteamh a thabhairt dó sa dóigh is gur féidir leis leanúint ar aghaidh leis an tseirbhís a chuireann sé ar fáil? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:27+00:00 Sitting date: 2020-07-22