Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge Dail Éireann — 2020-07-22 ============================================================ Pearse Doherty (SF), Donegal Déanfaidh mé teagmháil leo fosta agus déanfaidh mé cinnte go dtarlóidh an cruinniú gan mhoill. Ón chruinniú a bhí agam féin agus ag an Teachta Mac Lochlainn leis na léachtóirí agus na hollúna ón ollscoil sin, tá sé iontach soiléir go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an rannóg sin. Tá maoiniú caillte aici le blianta beaga anuas. Bhí cúrsaí á gcur ar fáil aici i Leitir Ceanainn, in Anagaire i nGaeltacht Thír Chonaill, agus in aiteanna eile ach, mar gheall ar an ghearradh maoinithe a rinne an Rialtas le linn na géarchéime eacnamaíche, níl an rannóg ábalta iad a chur ar fáil ag an phointe seo. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn do 40 aonad idirnáisiúnta, ach níl sé á chur ar fáil don rannóg ar champas Mhic Aoidh i nDoire i leith na seirbhísí a sholáthraítear. Tá an rannóg seo fíorthábhachtach do Ghaeilgeoirí agus scoláirí Uladh. Tá sé tábhachtach ó thaobh cosaint a thabhairt do chanúint agus chun deis a thabhairt do scoláirí freastal ar an ollscoil le staidéar a dhéanamh ar an teanga gan iad a bheith i bhfeidhm taistil chomh fada le Gaillimh, Maigh Nuad nó Baile Átha Cliath. Tá súil agam go mbeidh dearcadh maith ag an Aire Stáit agus ag a Roinn nuair a chasann siad leis na daoine as an champas seo i nDoire. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:27+00:00 Sitting date: 2020-07-22