Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge Dail Éireann — 2020-07-22 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tuigim tábhacht an ábhair seo. Is mór liom an cúlra agus na mionsonraí ar thug sé dom ina chuid cainte. Go ginearálta, cuireann an maoiniú sin go mór leis an teanga. Cruthaíonn sé tuiscint níos fearr ar an teanga agus ar chultúr na hÉireann lasmuigh d'Éirinn. Cothaíonn sé naisc idir Éire agus na tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí lonnaithe. Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór le scoláireacht na Gaeilge i measc an phobail acadúil idirnáisiúnta agus méadaítear stádas na teanga dá réir. Cuireann sé deis ar fáil an Ghaeilge a chur i láthair phobal acadúil ar fud an domhain. Tugann sé stádas comhionann don Ghaeilge le teangacha Eorpacha eile atá á dteagasc thar lear. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:27+00:00 Sitting date: 2020-07-22