Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta Dail Éireann — 2020-07-22 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Agus an tAire Stáit ag teacht chuig deireadh a fhreagra, bhí an cuma ar an scéal go raibh sé chun a fhógairt go raibh airgead éigin áit éigin tar éis a chruinniú leis an toscaireacht ó na hallaí pobail. Tá fadhbanna ollmhóra acu toisc go bhfuil a n-ioncam imithe go huile is go hiomlán toisc na coláistí samhraidh a bheith curtha ar ceal i mbliana toisc Covid-19. Ní ceist na foirgnimh a choimeád amháin an t-aon fhadhb atá ann. Tá seans nach mbeidh airgead ann an t-árachas agus na costais reatha eile a íoc. Is í sin an cheist. D'admhaigh an tAire Stáit nach bhfuil stór airgid ag an Roinn chun déileáil leis sin. Cén uair a bhunófar ciste sa Roinn a mbeidh na hallaí seo timpeall na nGaeltachtaí in ann iarratais a chur isteach air chun a gcostais reatha, mar shampla, árachas, athchóiriú agus slándáil, a chlúdach chun déanamh cinnte go mbeidh siad ann arís an bhliain seo chugainn do na coláistí samhraidh? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-07-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:27+00:00 Sitting date: 2020-07-22