◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2023-02-21

Seirbhísí Oileán

9 contributions · 3 speakers · 404 words

Download this debate (.txt)

Summary of this debate

Auto-generated

Seoltar cuairteoirí feadh chósta Atlantach na hÉireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin chun na tírdhreacha éagsúla agus an cósta garbh a fheiceáil agus chun an t-eispéireas is fearr atá le tairiscint in iarthar na hÉireann a sholáthar dóibh. Tá go leor pointí fionnachtana uirthi, a léirítear le comharthaí a bhfuil lógó agus logainmneacha Shlí an Atlantaigh Fhiáin orthu.

In 2019, chuaigh Fáilte Éireann i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le hathrú logainm phointe fionnachtana Shlí an Atlantaigh Fhiáin ó "Inis Mór" go "Árainn" i roinnt áiteanna i gConamara agus ar na hOileáin Arann. Tuigim gur shocraigh Oifig an Choimisinéara Teanga go n-athródh Fáilte Éireann an logainm ar phainéil Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag pointí fionnachtana aon áit ina ndearnadh tagairt do "Inis Mór" go "Árainn".

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 404 words across 9 contributions by 3 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

fhiáin 6
atlantaigh 6
fionnachtana 5
árainn 6
mbliana 7
hoileáin 5
comharthaí 4
teanga 6
shlí 4
fheiceáil 4
inis 4
choimisinéara 3

The full debate

All 9 contributions, start to finish, in the order they were made.

SF Mairéad Farrell · Gaeilge

Is dócha go bhfuil an cheist seo soiléir ón méad atá inti. An bhfuil plean ann na comharthaí a athrú ó "Inis Mór" go "Árainn"?

GP Catherine Martin

Tá Slí an Atlantaigh Fhiáin ar cheann de na bealaí cósta sainithe is faide ar domhan, agus 2,600 ciliméadar ar fad inti. Téann sé síos an cósta thiar ó Leithinis Inis Eoghain sa tuaisceart go baile álainn Chionn tSáile, Contae Chorcaí, sa deisceart. Is earnáil eacnamaíoch ríthábhachtach í an turasóireacht go náisiúnta, agus cruthaíonn earnálacha an lóistín agus an fháilteachais an-chuid fostaíochta inár réigiúin.

Go hindíreach, tacaíonn turasóireacht le príomhearnálacha seirbhíse lena n-áirítear miondíol, iompar agus táirgeoirí bia. Is earnáil í freisin ina soláthraítear tairbhí suntasacha sóisialta agus pobail, go háirithe i bhfianaise gur fiontair beaga iad formhór na ngnólachtaí turasóireachta atá fite fuaite i bpobail áitiúla.

Nuair a luaitear Slí an Atlantaigh Fhiáin smaoiníonn daoine ar thírdhreacha iontacha, gníomhaíochta eachtraíochta agus oibreoirí turasóireachta fáilteacha agus tá sí i lár an aonaigh turasóireachta i margaí thar lear. Seoltar cuairteoirí feadh chósta Atlantach na hÉireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin chun na tírdhreacha éagsúla agus an cósta garbh a fheiceáil agus chun an t-eispéireas is fearr atá le tairiscint in iarthar na hÉireann a sholáthar dóibh.

Tá go leor pointí fionnachtana uirthi, a léirítear le comharthaí a bhfuil lógó agus logainmneacha Shlí an Atlantaigh Fhiáin orthu. I measc an iliomad pointí fionnachtana, roghnaíodh 15 mar phointí fionnachtana aitheanta. Cruthaíonn na háiteanna seo íomhá chósta thiar iontach na hÉireann. In 2019, chuaigh Fáilte Éireann i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le hathrú logainm phointe fionnachtana Shlí an Atlantaigh Fhiáin ó "Inis Mór" go "Árainn" i roinnt áiteanna i gConamara agus ar na hOileáin Arann. Tuigim gur shocraigh Oifig an Choimisinéara Teanga go n-athródh Fáilte Éireann an logainm ar phainéil Shlí an Atlantaigh Fhiáin ag pointí fionnachtana aon áit ina ndearnadh tagairt do "Inis Mór" go "Árainn". Chuir Fáilte Eireann an obair seo i gcrích ar na painéil go déanach in 2019. Tuigim freisin gur aontaíodh le hOifig an Choimisinéara Teanga, mar gheall ar an gcostas suntasach a bhaineann le hathsholáthar an chuaille féin ar Árainn, nach n-athrófar é seo ach amháin nuair a bheadh gá le hobair shuntasach athnuachana nó cothabhála.

SF Mairéad Farrell · Gaeilge

B’é an cheist ná an bhfuil an t-athrú sin chun tarlú i mbliana, fiú ar roinnt de na comharthaí. Tuigim an méid a tharla agus a raibh ráite ag an gCoimisinéir Teanga. Caithimid cuimhneamh go bhfuil go leor staire ag baint le logainmneacha agus go bhfuil tábhacht ollmhór ag baint leo. Sin an fáth gur ardaíodh an cheist seo liom agus leis an gCoimisinéir Teanga.

An bhfuil a fhios ag an Aire cé mhéad comhartha atá i gceist anseo? An athrófar cuid de na comharthaí sin i mbliana? Fiú más rud é nach bhfuil ach cúpla ceann ann, an bhfuil an próiseas chun tosnú i mbliana?

GP Catherine Martin · Gaeilge

Mar a dúirt mé, ní mór a rá go bhfuil an Coimisinéir Teanga sásta leis an gcur chuige seo atá leagtha amach agam i mo fhreagra. Ach mar a tharlaíonn sé, tuigtear dom go mbeidh deis ag Fáilte Éireann an cuaille a hathrú laistigh den bhliain atá romhainn mar chuid den obair cothabhála atá idir lámha aige.

SF Mairéad Farrell · Gaeilge

Beidh an obair ar bun i mbliana mar sin agus is rud maith é sin. Is féidir fáilte a chur roimhe sin. Mar a dúirt mé, tá tábhacht stairiúla ag baint le logainmneacha. Tá sé suimiúil do thurasóirí fiú é sin a thuiscint agus an t-eolas sin a bheith acu. Freisin, do dhaoine sa cheantar, léiríonn sé go bhfuil meas á thabhairt ar an nGaeltacht, ar Árainn agus ar na hoileáin nach iad. Is rud fíorthábhachtach é sin agus tá a fhios againn go raibh dualgas orthu é sin a dhéanamh. Is maith an rud é go mbeidh sé sin ag tarlú i mbliana agus tá súil agam an tAire agus an tAire Stáit a fheiceáil ar na hoileáin i mbliana. Tá súil agam an tAire Stáit, an Teachta O’Donovan, a fheiceáil ar na hoileáin Árainn, agus tá súil agam an tAire í féin a fheiceáil ann freisin.

FG Patrick O'Donovan

Bhí mé ann anuraidh.

SF Mairéad Farrell

Iontach. Beidh sé ar ais i mbliana.

FG Patrick O'Donovan

Beidh mé ar ais.

GP Catherine Martin · Gaeilge

Tá mé ag tnúth leis agus táim cinnte go mbeidh níos mó turasóirí ag taisteal go dtí na hoileáin de bharr an scannáin "The Banshees of Inisherin". Nach raibh sé go hiontach a bheith ag éisteacht le cuid de na haisteoirí is fearr dár gcuid agus iad ag labhairt Gaeilge ar an chairpéad dearg an deireadh seachtaine seo caite? Mar a dúirt mé, beidh deis ag Fáilte Éireann é seo a dhéanamh laistigh den bhliain.