◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2023-10-19

Part of Other Questions

Acht na Gaeltachta

4 contributions · 2 speakers · 609 words

Q9 IND Catherine Connolly to the Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

9. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 98 den 13 Iúil 2023, cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an obair athbhreithniúcháin ar na chéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45677/23]

Download this debate (.txt)

Summary of this debate

Auto-generated

Ar an 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht Barr Feabhais Teoranta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012. Is iad seo a leanas na deich limistéir phleanála teanga atá i gceist: Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, an Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh i nDún na nGall; na Déise; Ciarraí theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí thiar; Conamara láir; an Cheathrú Rua; Maigh Eo thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór.

Tá curtha in iúl ag Barr Feabhais go bhfuil teagmháil ghníomhach déanta ag an gcomhlacht le páirtithe leasmhara éagsúla i leith an athbhreithnithe ó cuireadh tús leis. Tá comhairliúchán déanta ag Barr Feabhais Teoranta le ceanneagraíochtaí agus le coistí stiúrtha pleanála teanga i seacht gcinn de na limistéir theanga go dtí seo.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 609 words across 4 contributions by 2 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to it rather than common to all parliamentary language.

teanga 10
feabhais 6
barr 6
athbhreithniú 5
deich 4
gcomhlacht 3
maidir 5
bplean 3
pleananna 3
réir 3
ciarraí 2
pleanála 4

The full debate

All 4 contributions, start to finish, in the order they were made.

IND Catherine Connolly

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga, an féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt dom ar an athbhreithniú atá ar siúl?

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Ar an 28 Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht Barr Feabhais Teoranta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012. Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh chun cur i bhfeidhm an phróiseas pleanála teanga a fheabhsú.

Is iad seo a leanas na deich limistéir phleanála teanga atá i gceist: Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, an Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh i nDún na nGall; na Déise; Ciarraí theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí thiar; Conamara láir; an Cheathrú Rua; Maigh Eo thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór.

Tá curtha in iúl ag Barr Feabhais go bhfuil teagmháil ghníomhach déanta ag an gcomhlacht le páirtithe leasmhara éagsúla i leith an athbhreithnithe ó cuireadh tús leis. Tá comhairliúchán déanta ag Barr Feabhais Teoranta le ceanneagraíochtaí agus le coistí stiúrtha pleanála teanga i seacht gcinn de na limistéir theanga go dtí seo. Tá sraith chruinnithe reáchtáilte ag an gcomhlacht le hÚdarás na Gaeltachta agus tionóladh cruinniú idir mo Roinn, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Barr Feabhais le déanaí freisin.

Is léir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Barr Feabhais agus é ag obair i dtreo athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna teanga ábhartha. Tá deimhnithe ag Barr Feabhais le hoifigigh mo Roinne go leanfaidh sé ar aghaidh go dícheallach lena chuid oibre chun a chinntiú go gcuirfeadh tuarascáil chuimsitheach ar fáil de réir na dtéarmaí tagartha agus na spriocdhátaí a aontaíodh. Tá tréimhse naoi mí ó thús an chonartha luaite chun leagan críochnúil an athbhreithnithe a chur faoi bhráid mo Roinne, rud a chiallaíonn go mbeadh toradh na hoibre ar fáil faoi dheireadh Márta 2024.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Ar a laghad, tá dáta againn anois - Márta na bliana seo chugainn. An mbeidh an tuarascáil nó an t-athbhreithniú sin á fhoilsiú ag an Roinn? Tá an t-ábhar seo thar a bheith tábhachtach. Bhí sé conspóideach ón tús maidir leis an gcóras pleanála teanga. Dar len a lán daoine, saineolaithe san áireamh, bhí an t-uafás ualach á chur ar an bpobal. Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén dul chun cinn atá déanta. Maidir leis na deich bplean atá faoi chaibidil ag an gconradh, cén chaoi ar phioc an Roinn na deich ndúiche sin? Mar shampla, níl Cois Fharraige i nGaillimh san áireamh. De réir mo thuisceana, tá an plean sin ag feidhmiú le fada an lá agus roimh na cinn atá pioctha ó thaobh an chomhlachta de.

FG Patrick O'Donovan · Gaeilge

Tiocfaidh mé ar ais arís maidir leis an bplean a luaigh an Teachta i nGaillimh. Sular éirigh mé tinn i rith an tsamhraidh, bhí sé i gceist agam cuairt a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta timpeall na tíre. Go dtí seo, bhí mé i nDún na nGall, i gConamara, i Ráth Chairn i gContae na Mí, i gceantar na Déise, i gCorcaigh, i gCiarraí theas agus i gCiarraí thiar. Is é an rud a bhí i gceist agam agus mé sna ceantair Ghaeltachta sin ná cé chomh tábhachtach is atá sé na pleananna teanga a fheiceáil. B'fhéidir go mbeidh seans eile againn, sa choiste nó i gcruinniú i m'oifig, tuairimí an Teachta ar na pleananna teanga a bhaineann le Conamara agus le Gaillimh a phlé.