◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2024-02-15

Údarás na Gaeltachta

11 contributions · 3 speakers · 588 words

Download this debate (.txt)

Summary of this debate

Auto-generated

Tá a fhios agam go bhfuil athbhreithniú críochnaithe ag Údarás na Gaeltachta agus baineann mo cheist go sonrach mar go bhfuil mé ag iarraidh soiléiriú a fháil ón Aire ar an bplean a d'eascair as an obair athbhreithniúcháin a rinne an t-údarás faoi na foirgnimh atá aige agus faoin talamh. Is liosta é seo de na foirgnimh agus tailte atá ag Údarás na Gaeltachta. Feicim Baile an tSagairt, Eastát Chasla, Eastát An Choill Rua, Eastát an Chnoic, Baile an tSléibh, Eastát Ros an Mhíl, Eastát An Cheathrú Rua, Eastát Tír an Fhia agus Eastát Charna.

Ní rud neamhghnáth é go mbeadh foirgnimh folmha ag áisíneachtaí forbartha eacnamaíochta leithéidí Údarás na Gaeltachta le punann mhaoine chomh mór is atá ag an údarás. Faoi dheireadh, tá Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar na féidearthachtaí ó thaobh cúrsaí tithíochta.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 588 words across 11 contributions by 3 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

foirgnimh 13
údarás 18
féidearthachtaí 8
eastát 7
tithíochta 10
gaeltachta 11
thaobh 9
cúrsaí 7
bíonn 6
ann 8
mhaoine 3
neart 5

The full debate

All 11 contributions, start to finish, in the order they were made.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Ní mór dom a rá go mbaineann an Bandia, Naomh Bríd, don tír uilig. Tá a fhios agam go bhfuil athbhreithniú críochnaithe ag Údarás na Gaeltachta agus baineann mo cheist go sonrach mar go bhfuil mé ag iarraidh soiléiriú a fháil ón Aire ar an bplean a d'eascair as an obair athbhreithniúcháin a rinne an t-údarás faoi na foirgnimh atá aige agus faoin talamh. Tá gá le plean agus le maoiniú.

GP Catherine Martin · Gaeilge

Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an t-athbhreithniú ar phunann maoine na heagraíochta críochnaithe anois. Faoin athbhreithniú seo, rinneadh taighde maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann maoine sna seacht gcontae Gaeltachta. Tá an t-údarás anois i mbun cainteanna leis na cliant-chomhlachtaí atá mar thionóntaí aige maidir lena gcuid riachtanas do na blianta amach romhainn. Tá an t-údarás ag caint amach le cliaint nua atá ag iarraidh spás tráchtála a thógáil ar cíos. Is léir gur tosaíocht é do go leor tionóntaí na hoibreacha caipitil atá le déanamh ar fhoirgnimh s’acu. Cabhróidh an t-athbhreithniú seo leis an bpróiseas inmheánach pleanála atá beartaithe ag an údarás don dara ráithe i mbliana. Beidh sé mar bhunchloch ag an údarás d’aon fhorbairtí nua go mbeidh forbairtí tithíochta san áireamh.

Bíonn Údarás na Gaeltachta ag caint go leanúnach le cliaint reatha agus cliaint nua, údaráis áitiúla, soláthróirí seirbhísí agus dearthóirí ar mhaithe le tograí nua a thabhairt chun cinn. Is obair leanúnach a bhíonn i gceist leis seo. Tuigtear dom ón údarás go mbeidh deiseanna ann i gcomhthéacs an mhaoinithe bhreise a d'éirigh liom a fháil don eagraíocht i mbuiséad 2024 chun baill foirne breise leis na scileanna cuí a earcú chun an obair seo a bhrú chun cinn. Chomh maith leis seo, tá athbhreithniú déanta ag Údarás na Gaeltachta ar thograí tógála a d'fhéadfaí tosú sa ghearrthéarma, idir 2024 agus 2026. Tuigtear dom freisin go bhfuil an clár infheistíochta caipitil don bhliain 2024 aontaithe ag leibhéal bainistíochta san údarás chomh maith. Ar ndóigh, nuair atá aon choinne á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh a chuid mhaoinithe, bítear airdeallach i gcónaí ar an dualgas maidir leis an leas is fearr a bhaint as an acmhainn airgeadais atá ar fáil ón Státchiste. Bíonn ról faoi leith ag an mbord chun na moltaí cuí a ghlanadh ag leibhéal an bhoird.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá an cheist seo á leanúint suas agam le fada an lá. Is liosta é seo de na foirgnimh agus tailte atá ag Údarás na Gaeltachta. Is maith an rud go bhfuil an talamh agus na foirgnimh aige. Breathnóidh mé ar mo chontae féin. Feicim Baile an tSagairt, Eastát Chasla, Eastát An Choill Rua, Eastát an Chnoic, Baile an tSléibh, Eastát Ros an Mhíl, Eastát An Cheathrú Rua, Eastát Tír an Fhia agus Eastát Charna. Tá neart talaimh, neart foirgneamh agus neart féidearthachtaí ann. Táim sásta go bhfuil athbhreithniú déanta. Níl mé sásta leis an bhfreagra sa mhéid gur mhaith liom plean a fheiceáil. An bhfuil plean feicthe ag an Aire ó thaobh tuilleadh forbartha ar an talamh seo maidir leis na foirgnimh seo? Tá gá práinneach leis. Arís, is fadhb mhaith é i ndáiríre go bhfuil an talamh agus na foirgnimh aige ach tá gá práinneach le plean.

GP Catherine Martin · Gaeilge

Tá formhór de na foirgnimh folamh ón tréimhse idir 2018 agus 2023 ach tá eisceachtaí ann freisin. Tá foirgnimh ann atá folamh le os cionn deich mbliana. Ní rud neamhghnáth é go mbeadh foirgnimh folmha ag áisíneachtaí forbartha eacnamaíochta leithéidí Údarás na Gaeltachta le punann mhaoine chomh mór is atá ag an údarás. Bíonn comhlachtaí ag teacht agus ag imeacht i gcaitheamh an ama agus go minic bíonn uasgrádú le déanamh ar fhoirgnimh sular féidir iad a chur ar an margadh arís le ligean ar cíos. Ach an oiread le gach eagraíocht Stáit, bíonn ar an údarás oibriú taobh istigh den bhuiséad a thugtar don eagraíocht agus a chuid infheistíochtaí sa phunann mhaoine atá ag an eagraíocht a bhainistiú sa chomhthéacs sin.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Tá neart féidearthachtaí anseo. Tá trí dhualgas ag Údarás na Gaeltachta. Tá dualgais air ó thaobh an phobail, ó thaobh na teanga agus ó thaobh na fostaíochta. Tá neart féidearthachtaí ó thaobh cúrsaí tithíochta. Feicim go bhfuil abairt i bhfreagra an Aire go bhfuiltear anois ag breathnú ar chúrsaí tithíochta. Is maith an rud é sin ach an bhfuil sonraí ag an Aire faoi sin? Tá ceist eile curtha isteach, Uimh. 24. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil an dá cheist le chéile. Baineann an cheist sin go díreach le tithíocht. I bhfreagra an Aire, luann sí cúrsaí tithíochta. Mar is eol di, tá géarchéim i nGaillimh agus sa chontae ó thaobh cúrsaí tithíochta. Ní féidir áibhéil a dhéanamh ar an ngéarchéim sin. Faoi dheireadh, tá Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar na féidearthachtaí ó thaobh cúrsaí tithíochta. An bhfuil an tAire ar an eolas faoin scéim atá beartaithe aige? An raibh sé i dteagmháil leis an gcóras áitiúil?

GP Catherine Martin · Gaeilge

Tá ráite ag an údarás go bhfuil sé ag tabhairt faoin obair chun a chinntiú go mbeidh sé in ann teacht ar réiteach dá chuid cliantchomhlachtaí reatha agus nua chomh maith lena chuid geallshealbhóirí eile, mar is cuí. Cuimsíonn an punann mhaoine an iliomad cineál foirgnimh agus tá éagsúlacht sa chaighdeán agus sa chóiriú atá ar fáil sna foirgnimh sin. Táthar ag féachaint ar na féidearthachtaí forbartha do chuid de na foirgnimh folmha atá ag an údarás, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil leis sin a dhéanamh agus an leas is féidir a bhaint as na foirgnimh. Nuair atá aon choinne á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh a chuid maoine, bíonn sé i gcónaí airdeallach ar an dualgas maidir leis an leas is fearr a bhaint as an acmhainn airgeadais atá ar fáil ón Státchiste. Ach an oiread leis an tír ar fad, tá cúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht go mór faoi chaibidil le tamall anuas. Mar is eol don choiste, is ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht. Níl mórán ama agam ach is féidir le m'oifigigh scríobh chuig an Teachta.

IND Catherine Connolly

An bhfuil nóiméad fágtha agam?

CC Seán Canney

No.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Ó thaobh na ceiste seo, níor dhírigh mé isteach ar cé chomh fada atá na foirgnimh folamh. Dhírigh mé isteach ar rud dearfach, is é sin na féidearthachtaí atá ann ó thaobh cúrsaí tithíochta agus gnó. Bhí díospóireacht ann inné, ina raibh an Cathaoirleach Gníomhach páirteach, faoi chúrsaí gnó áitiúla agus na féidearthachtaí atá ann. Gabh mo leithscéal; an bhfuilim thar am? Níl a fhios agam.

CC Seán Canney

I am giving the Deputy bonus time.

IND Catherine Connolly

Ná bac. Gabh mo leithscéal. Táim measctha idir an dá theanga.