Tá an cheist seo dírithe ar cad go díreach atá beartaithe chun an líon beag daltaí nó mic léinn atá ag déanamh-----
Dail Éireann · 2025-03-27
14 contributions · 4 speakers · 439 words
Is ceist í seo maidir leis an líon beag mac léinn atá ag déanamh staidéar trí mheán na Gaeilge sna hollscoileanna. Freagróidh mé i nGaeilge í, ach ós rud é nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh láidir le Gaeilge an Teachta Ó Snodaigh, rud a bhfuilim ag obair go dian air chun feabhas a chur air, freagróidh mé na ceisteanna forlíontacha i mBéarla agus cuirfidh mé na freagraí ar aghaidh chuig an Teachta i nGaeilge ina dhiaidh sin.
Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil na hinstitiúidí ardoideachais neamhspleách ina gcuid straitéisí Gaeilge, lena n-airítear soláthar agus leathnú na gcúrsaí ollscoile a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge. Ní choinníonn an tÚdarás um Ard-Oideachas taifead faoi láthair ar líon na mac léinn atá ag staidéar trí mheán na Gaeilge san ardoideachas.
Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 439 words across 14 contributions by 4 speakers.
How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.
All 14 contributions, start to finish, in the order they were made.
Tá an cheist seo dírithe ar cad go díreach atá beartaithe chun an líon beag daltaí nó mic léinn atá ag déanamh-----
It is Question No. 10.
Apologies; we will let Deputy Ó Snodaigh continue and Deputy Farrelly can go next.
Okay.
Now that he has started he may as well keep going.
Is ceist í seo maidir leis an líon beag mac léinn atá ag déanamh staidéar trí mheán na Gaeilge sna hollscoileanna. Cad é atá an tAire chun déanamh chun an líon sin a ardú sna hollscoileanna go háirithe, toisc go bhfuil sé chomh beag sin?
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh agus leis an gCathaoirleach Gníomhach as ucht na ceiste seo. Freagróidh mé i nGaeilge í, ach ós rud é nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh láidir le Gaeilge an Teachta Ó Snodaigh, rud a bhfuilim ag obair go dian air chun feabhas a chur air, freagróidh mé na ceisteanna forlíontacha i mBéarla agus cuirfidh mé na freagraí ar aghaidh chuig an Teachta i nGaeilge ina dhiaidh sin.
Tá ról tábhachtach ag ár gcóras ardoideachais maidir le tacú le húsáid na Gaeilge agus í a chur chun cinn. Tá freagracht reachtúil ar an Údarás um Ard-Oideachas a chinntiú go gcuireann institiúidí ardoideachais an teanga chun cinn agus go n-úsáideann siad í. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil na hinstitiúidí ardoideachais neamhspleách ina gcuid straitéisí Gaeilge, lena n-airítear soláthar agus leathnú na gcúrsaí ollscoile a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge. Ní choinníonn an tÚdarás um Ard-Oideachas taifead faoi láthair ar líon na mac léinn atá ag staidéar trí mheán na Gaeilge san ardoideachas. Mar sin féin, chuaigh oifigigh i mo Roinn i dteagmháil leis an Údarás um Ard-Oideachas agus dúirt sé go ndéanfar athbhreithniú ar na sonraí atá ar fáil do mhic léinn chun an t-eolas seo a bhailiú. Nuair a bheidh sé seo socraithe, scríobhfaidh m’oifig chuig an Teachta leis an eolas cuí ar lá eile. Suíonn oifigigh mo Roinne ar an gcoiste stiúrtha don pholasaí nua don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, i dteagmháil le hoifigigh ón Roinn Oideachais agus páirtithe leasmhara eile chun an Ghaeilge a chomhordú ar fud an chórais oideachais. Cé go bhfuil na hinstitiúidí ardoideachais neamhspleách, cuireann mo Roinn maoiniú €900,000 ar fáil gach bliain chun tacú-----
Gabhaim buíochas leis an Aire.
An bhfuil mé thar am? Ceart go leor.
Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin, ach níl aon rud nua ann. Tá a fhios againn go bhfuil ag teip go huile is go hiomlán ar an Údarás um Ard-Oideachas líon na gcúrsaí Gaeilge a ardú sna hinstitiúidí seo. Tá an ceart ag an Aire. Tá na hinstitiúidí neamhspleách ach tá siad spleách ag an am céanna. Tá siad ag brath ar an Stát do mhaoiniú. Is féidir leis an Stát, tríd an Údarás um Ard-Oideachas nó trí mhaoiniú, níos mó brú a chur orthu cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do na mic léinn.
Is é an figiúr atá ann go dtí seo ná go bhfuil 50,000 páistí ag dul trína mbunoideachas iomlán i nGaeilge. Titeann an figiúr go dtí 17,000 ag leibhéal na meánscolaíochta agus 3,000 ag an tríú leibhéal, is é sin, na hollscoileanna agus na hinstitiúidí eile. Is titim ollmhór é sin agus caithfimid rud éigin a dhéanamh faoi.
Gabh mo leithscéal as Béarla a labhairt sa supplementary but I must do so for the sake of the accuracy of the reply. My Gaeilge is not quite as líofa as an Teachta Ó Snodaigh's, although I am ag foghlaim mo Ghaeilge arís gach lá.
I completely agree with the Deputy about the 5,000 students coming through and the need for provision to match that at every level of the system. Given the increased interest agus an méid suime i measc páistí in oideachas through the medium of Gaeilge, it is something that I want to support. I will endeavour to do so, working with my colleague, an tAire, an Teachta McEntee. It is something that I suspect we will return to but I want to put on record my support for the principle and assure the Deputy that we are working towards that.
Tá sé go maith go n-aithníonn an tAire go bhfuil géarghá ann, agus ní hamháin maidir leis an méid a dúirt mé faoi dhaltaí ag teacht amach. Tá dualgas anois ar an Stát a chinntiú go bhfuil 20% dóibh siúd a n-earcófar chuig an Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge. Beidh innealtóirí, banaltraí, dochtúirí lia agus é sin ar fad i gceist. Muna bhfuil na cúrsaí ar fáil, ní bheidh na dochtúirí agus Státseirbhísigh leis an nGaeilge cheart ann amach anseo. Caithfidh an Stát seirbhísí a sholáthar i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta. Beidh níos mó de dhíth amach anseo. Chomh maith leis sin, caithfidh níos mó fógraíochta a bheith as Gaeilge. Ní leor an líon beag cúrsaí atá ann faoi láthair. Caithfidh i bhfad Éireann níos mó a bheith ann. Ní múinteoirí amháin atá i gceist. Tá gach uile chúrsa eile ag teastáil. Caithfidh an tAire, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus na hinstitiúidí tríú leibhéal díriú isteach air sin.
Cinnte. Cloisim everything the Deputy says. Táim very much aware of the issues that he raises. There is a lot of sense there and I will take that on board.
Apologies, Deputy Farrelly. We will take Question No. 10 now.