◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2021-10-05

Part of Other Questions

Údarás na Gaeltachta

5 contributions · 2 speakers · 677 words

Q12 IND Catherine Connolly to the Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

12. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén teagmháil a bhí agus atá aici le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an mhonatóireacht atá á dhéanamh ag an Údarás ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn sna monarchana a thagann faoi chúram an Údaráis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47903/21]

Download this debate (.txt)

Summary of this debate

Auto-generated

Is é cuspóir forbartha agus fostaíochta Údarás na Gaeltachta ná poist a chruthú do phobal na Gaeltachta ar mhaithe le pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Agus pacáiste tacaíochta á phlé agus á cheadú ag an údarás do chliantchuideachta, déantar plean teanga a aontú leis an chliantchuideachta. Sa chás go mbíonn dúshláin ag cliaintchuideachtaí an plean teanga a chuir i bhfeidhm, oibríonn feidhmeannaigh an údaráis go dlúth leo chun tacú leo na gníomhaíochtaí a bhíonn aontaithe a chomhlíonadh.

Tuigtear dom go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais agus an cur chuige atá in áit aige faoi láthair le tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí a dhéantar an t-ábhar a bhaineann leis a riar. Mar is eol don Teachta, tá sé mar chuspóir ag Údarás na Gaeltachta pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 677 words across 5 contributions by 2 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to it rather than common to all parliamentary language.

teanga 10
údarás 9
gaeilge 8
gaeltachta 6
t-údarás 4
athbhreithniú 4
monatóireachta 3
córais 3
bhfeidhm 4
chothú 3
chliantchuideachta 2
trionóid 2

The full debate

All 5 contributions, start to finish, in the order they were made.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Baineann mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an gcóras monatóireachta atá aige ó thaobh na Gaeilge de maidir lena comhlachtaí a thagann faoi chúram an údaráis. An bhfuil an córas monatóireachta cuí don fheidhm; is é sin chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge i lár an aonaigh sna monarchana uilig?

FF Jack Chambers · Gaeilge

Is é cuspóir forbartha agus fostaíochta Údarás na Gaeltachta ná poist a chruthú do phobal na Gaeltachta ar mhaithe le pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Oibríonn an t-údarás lena chliantchuideachtaí ar bhonn leanúnach le cinntiú go bhfuil a dtionchar ar an nGaeltacht dearfach ar go leor bealaí mar a bhaineann sé le fostaíocht, úsáid na Gaeilge, seirbhísí agus infreastruchúr pobail ach go háirithe.

Agus pacáiste tacaíochta á phlé agus á cheadú ag an údarás do chliantchuideachta, déantar plean teanga a aontú leis an chliantchuideachta. Déantar bearta sonracha a aontú mar chuid dá bplean teanga i réimsí faoi leith lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le: an chumarsáid scríofa, mar shampla ar chomharthaíocht, i bhfógraí agus in ábhar poiblíochta agus bolscaireachta; an chumarsáid labhartha; polasaithe earcaíochta agus oiliúna na cuideachta; agus aitheantas a thabhairt don Ghaeilge sa ghnó agus sa phobal ina bhfuil sé lonnaithe. Aontaíodh pleananna teanga agus rinneadh athbhreithniú ar phleananna teanga i mbeagnach 60 cliantchuideachta le linn 2020. Anuas air sin, fuair 199 gnó tacaíocht faoin scéim trádáil ar líne agus d’éirigh leis an údarás dul i bhfeidhm ar na gnóthaí sin maidir le breis Gaeilge a úsáid ar a gcuid uirlísí ar-líne.

Cuireann an t-údarás na tacaíochtaí deontais ar fáil do chliaintchuideachtaí nuair atáthar sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an bplean teanga. Sa chás go mbíonn dúshláin ag cliaintchuideachtaí an plean teanga a chuir i bhfeidhm, oibríonn feidhmeannaigh an údaráis go dlúth leo chun tacú leo na gníomhaíochtaí a bhíonn aontaithe a chomhlíonadh. Ní phróiseáiltear éilimh ar íocaíochta mura bhfuil an plean teanga atá aontaithe comhlíonta chun sástacht an údaráis. Tá córais rialaithe inmheánacha i bhfeidhm ag an údarás a chinntíonn an méid sin. Tuigtear dom go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais agus an cur chuige atá in áit aige faoi láthair le tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí a dhéantar an t-ábhar a bhaineann leis a riar.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Maíodh san abairt deireanach ansin "go bhfuil athbhreithniú idir lámha ag an údarás ar na córais". Fáiltím roimhe sin. Cén uair a bheas an t-athbhreithniú sin críochnaithe? Bhain mo cheist le hÚdarás na Gaeltachta agus bhain sí go sonrach leis an dteagmháil a bhí ag an Aire Stáit leis. An bhfuil an t-údarás sásta, nó níos tábhachtaí fós, an bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil an córas monatóireachta cuí don fheidhm? Mar is eol don Aire Stáit, tá trionóid de fhreagrachtaí ag Údarás na Gaeltachta. Is iad sin fostaíocht, an pobal agus an teanga. Tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall déanta aige, ach go háirithe i bhfianaise na ciorruithe leis na blianta fada ach tá mé ag díriú isteach ar an teanga mar tá sí tábhachtach agus tá sí mar chuid lárnach den trionóid atá aige. Tá athbhreithniú i gceist; cén fath agus cén uair a bheidh sé críochnaithe?

FF Jack Chambers · Gaeilge

Beidh mé i dteagmháil leis an Teachta maidir leis an dáta a bheidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe. Mar is eol don Teachta, tá sé mar chuspóir ag Údarás na Gaeltachta pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Déanann an t-údarás an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí pobal, cultúrtha agus teangabhunaithe. Tá an cheist seo maidir le húsáid na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí ardaithe cúpla uair le bliain anuas agus tá sé curtha in iúl ag an údarás go mbíonn teagmháil rialta ag roinnt oifigigh teanga leis na cliantchomhlachtaí agus leis na feidhmeannaigh fiontraíochta a bhíonn ag plé leo agus go n-éiríonn go maith leo dul i bhfeidhm orthu ó thaobh na Gaeilge de.

IND Catherine Connolly · Gaeilge

Táim ag súil leis go dtiocfaidh an tAire Stáit ar ais chugam.