◎ OireachtasDB

Dail Éireann · 2021-11-09

Departmental Schemes

8 contributions · 3 speakers · 511 words

Download this debate (.txt)

Summary of this debate

Auto-generated

Áirítear leis seo cohórt foirne leordhóthanach a fhostú a bhfuil inniúlacht leordhóthanach acu an leibhéal seirbhíse a chomhlíonadh agus deiseanna a chur ar fáil chun cuidiú le baill fhoirne a n-eolas agus leibhéal úsáide a fheabhsú. Cé nach dtugann mo Roinn leibhéal suntasach éilimh faoi deara ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge, aithníonn sí an tábhacht atá le baill fhoirne a bheith ann atá líofa i nGaeilge agus atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus leanfaidh sí ina bhun sin.

Táimid ag tabhairt gach aon tacaíocht don teanga agus do mhuintir na tíre ó thaobh na teanga a chur chun cinn. Ó thaobh na ceiste a chur an Teachta Aindrias Ó Muimhneacháin, agus muid ag déanamh an athbhreithnithe ar an scéim agus ar an Acht, an rud is tábhachtaí ná déileáil leis an bpobal.

Built by scoring every sentence in the debate on how distinctive its language is, then quoting the highest-scoring ones back word for word and in the order spoken. Nothing is paraphrased or invented — if a sentence appears here, it was said in the chamber. Drawn from 511 words across 8 contributions by 3 speakers.

Most used terms in this debate

How often each word appears across the whole debate, ranked by how distinctive it is to this debate rather than common to all parliamentary language.

ngaeilge 9
teanga 8
thaobh 7
chur 8
oifig 5
déanamh 6
dhéanamh 6
nua 5
tabhairt 4
bhfeidhm 4
irish 12
roinn 4

The full debate

All 8 contributions, start to finish, in the order they were made.

FF Micheál Martin · Gaeilge

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 18 agus 19 le chéile.

Áirítear leis seo cohórt foirne leordhóthanach a fhostú a bhfuil inniúlacht leordhóthanach acu an leibhéal seirbhíse a chomhlíonadh agus deiseanna a chur ar fáil chun cuidiú le baill fhoirne a n-eolas agus leibhéal úsáide a fheabhsú. Cé nach dtugann mo Roinn leibhéal suntasach éilimh faoi deara ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge, aithníonn sí an tábhacht atá le baill fhoirne a bheith ann atá líofa i nGaeilge agus atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus leanfaidh sí ina bhun sin.

SF Mary Lou McDonald

The Irish language will have full working rights in the EU from 1 January next year. Mar thoradh air sin, beidh gach reachtaíocht nua curtha ar fáil i nGaeilge, lena n-áirítear rialacháin, treoracha agus cinntí. At EU level, therefore, statutes will only be made available in Irish, including regulations, directives and decisions. It is astonishing that while we have made this progress in the European Union, the same language rights are not enjoyed here at home. In fact, the Government is appealing a High Court judgment that reaffirms the constitutional duty of the State to provide Irish language versions of Acts of the Oireachtas. Surely the Taoiseach agrees that all Acts, statutory instruments and regulations should be made available in Irish at the same time as the English version. It is unacceptable that the State is actively seeking to withhold language rights from its own citizens, rights that the European Union now provides. Níl sé sásúil beag ná mór go bhfuil an Stát seo ag déanamh a lán-dhícheall chun cearta teanga a shaoránaigh féin a choimeád siar - cearta ar a bhfuil an tAontas Eorpach ag freastal anois. Will the Taoiseach take a stand for Irish language rights and call on the Minister to withdraw his appeal? What action is envisaged to increase the number of High Court judges able to hear cases through Irish, as currently there is only one?

FF Aindrias Moynihan · Gaeilge

Tá ról ceannaireachta ag oifig an Taoisigh agus tá deis an-mhaith aige cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn, ní hamháin sa tír seo ach go forleathan ar fud na cruinne. Tá ardán mór agus láidir ag an Taoiseach agus a oifig i measc pobal na Gaelainne ar fud na cruinne. Tá an cheathrú scéim teanga i bhfeidhm ina oifig faoin tráth seo. Bheadh athnuachan le déanamh air sin an bhliain seo chugainn agus bheadh athbhreithniú ar siúl faoin tráth seo. Tá an Rialtas ag tabhairt chun cinn Bille nua a athróidh an tslí go ndéantar láimhseáil ar na scéimeanna teanga agus mar sin de. Mar sin, ní bheinn ag súil go mbeadh aon athnuachan á dhéanamh ach beidh athbhreithniú le déanamh. Cad iad na buaicphointí atá le feiscint mar chuid den athbhreithniú atá an Rialtas ag déanamh? Cén dul chun cinn atá déanta maidir leis na scéimeanna éagsúla a bhí i bhfeidhm in oifig an Taoisigh? Can iad na spriocanna atá amach romhaibh? Tá sé in aigne leis an mBille nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa Státseirbhís ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaelainn. An bhfuil na huimhreacha sin nó an líon sin daoine ann cheana féin in oifig an Taoisigh nó cathain an bhfuil an Taoiseach ag súil a leithéid sin a bhaint amach?

FF Micheál Martin

Ó thaobh na ceiste a chur an Teachta McDonald, tá an méid atá ráite aici dochreidte. Níl an Stát i gcoinne saoránaigh na tíre seo ó thaobh na teanga de. Táimid ag tabhairt gach aon tacaíocht don teanga agus do mhuintir na tíre ó thaobh na teanga a chur chun cinn. I find it very difficult to accept the language Deputy McDonald uses to exhort me to take a stand for the Irish language. There is a sense that we are somehow against it. I have learned Irish. I do everything I possibly can to promote Irish. I speak Irish. I want people to enjoy Irish. I have never weaponised Irish for political purposes and I regret that the Deputy tends to do that too much.

SF Mary Lou McDonald

I certainly do not.

FF Micheál Martin

We are not endeavouring to stop anybody-----

SF Mary Lou McDonald

The Taoiseach might answer that-----

FF Micheál Martin · Gaeilge

An rud is tábhachtaí ná rudaí a dhéanamh i ngach slí gur féidir linn. Tá TG4 ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód agus rinneamar an-chuid chun é sin a chur i bhfeidhm, le daoine eile.

Ó thaobh na ceiste a chur an Teachta Aindrias Ó Muimhneacháin, agus muid ag déanamh an athbhreithnithe ar an scéim agus ar an Acht, an rud is tábhachtaí ná déileáil leis an bpobal. Tugtar freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras atá faighte i nGaeilge, mar shampla.

Maidir leis na buaicphointí, déanaim tagairt do na foilseacháin, preasráitis, óráidí, cáipéisí agus beartais. Tá sé geallta inár scéim teanga go bhfoilsítear ar a laghad 30% de phreasráitis i nGaeilge. Tá ábhar statach agus grafaicí mo Roinne ar na láithreáin ghréasáin gov.ie agus merrionstreet.ie ar fáil sa dá theanga. Áirítear leis seo earcaíocht, oiliúint agus forbairt ó thaobh cumas teanga a fheabhsú. Ó thaobh poist shainithe Gaeilge, sainíodh dhá phost, ceann amháin i m’oifig phríobháideach agus ceann eile i Seirbhís Fhaisnéise an Rialtais. Ó thaobh seirbhísí i nGaeilge a phoibliú, cuirimid custaiméirí ar an eolas ar bhonn réamhghníomhach faoi na roghanna atá ar fáil chun tabhairt faoi ghnó linn i nGaeilge. Aontaím go gcaithfimid níos mó a dhéanamh chun freastal ar dhaoine atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn agus sin atá ar bun againn. Tá mo Roinn sásta é sin a dhéanamh, agus gach aon Roinn eile, ach tá dualgas ar gach Roinn an tAcht a chur i bhfeidhm agus déileáil leis an bpobal.

I gcoitinne, tá an-chuid tacaíochta fós á thabhairt, gan amhras, do na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí. Tá ceann nua an-mhór oscailte i gCarraig Uí Leighin le déanaí. Tá TG4 agus Raidió na Gaeltachta ag fáil an-chuid tacaíochta ón Rialtas. Tá eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre atá ag déanamh a ndícheall an Ghaeilge a chothú agus tá mé ag tabhairt tacaíochta do na heagraíochtaí sin chomh maith.