Tuigim nach bhfuil an tAire ag iarraidh méid an sciar a chraobhscaoileadh ag an staid seo má tá tenders ar siúl nó a leithéid, ach más €54 milliún de chaipiteal atá i gceist san iomlán, cé mhéad de sin a bhéas fágtha d’Údarás na Gaeltachta tar éis an trí togra eile? Tá an tAire tar éis a rá go bhfuil a fhios againn cé mhéad atá ag dul nó a bhéas ag dul d’Inis Oírr. Faoin staid seo, ba chóir go mbeadh tuairim éigin ann maidir leis an méid den sciar a bhéas ag dul ar 6 Sráid Fhearchair mar bhí sé sin tuartha nuair a …