◎ OireachtasDB

← All members

Official photograph of Aengus Ó Snodaigh

Aengus Ó Snodaigh

Rhetoric & votes →
Dublin South-Central · active 2020-03-19 to 2026-10-01
1,487Contributions
1,133Votes cast
5.0%On prevailing side
417Tá
703Níl
13Staon

On prevailing side: this member voted with the winning side in 56 of 1,120 decisive votes (13 abstentions excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the government of the day and near 0% for those opposing it.

Party over time

This is the point of the site: contributions keep the party held on the day, not the one held now.

PartyRecorded asContributionsPeriod
SF Sinn Féin 1,081 2020-03-19 – 2026-09-29
CC Ceann Comhairle / Chair 406 2020-06-04 – 2026-10-01

Membership spells on record: SF 2002-05-17–2007-04-30 · SF 2007-05-24–2011-02-01 · SF 2011-02-25–2016-03-09 · SF 2016-03-10–2020-01-14 · SF 2020-02-08–2024-11-08 · SF 2024-11-29–present

Record

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tá sé go maith gur cuireadh tús leis na comhráití maidir le tithíocht. Arís, tá súil agam go bhfeicfear na treoirlínte am éigin i mbliana mar tá sé chomh fada sin ó gealladh iad. Tá a fhios agam trí dhéileáil leis an Aire agus leis na hAirí Gaeltachta eile nach bhfuil an locht orthu in a lán slite in ainneoin go gcuireann na hAirí tithíochta an locht orthu toisc an mhoill. Tá fadhbanna maidir le heisceacht a dhéanamh as ceantair Ghaeltachta i gcomparáid le ceantair eile atá ag lorg plean níos cuimsithí maidir le ti…

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Níl mé chun mórán moill eile a chur air seo. Go bhfios dom, níl aon duine ag iarraidh baint ó ról an údaráis maidir le tionsclaíocht, fiontar agus mar sin de. Is ról tábhachtach é sin agus tá sé tar éis sé sin a chruthú. Ach, is é sin an ról a bhí ag Gaeltarra Éireann i dtús báire. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta, cuireadh leis an ról. Ní gá ach féachaint ar an mbunreachtaíocht. Is í an chéad fheidhm atá ann ná: Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a…

SF 2025-05-14 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tá mé á bhrú.

SF 2025-05-14 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

An é seo leasú Uimh. 15?

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tairgim leasú Uimh. 21: Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “ Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht 7 . Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) (a) Déanfaidh an tÚdarás iniúchadh ar fhadhbanna bonneagair sa Ghaeltacht, le haird ar na córais iompair, uisce, séarachais, fuinnimh, leictreachais, agus cumarsáide, agus an tionchar atá acu ar inmharthanacht sna pobail Gaeltachta, ar sholáthar tithíochta agus ar fhorb…

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Luaigh an tAire go mbeidh leasú eile ag teacht. Dar ndóigh, déileálfaimid leis nuair a thiocfaidh sé os ár gcomhair. Tagraím don cheann maidir leis an 20% atá le teacht ar Chéim na Tuarascála. Is maith an rud é go bhfuil an Stát ag aithint an tréaniarracht a bhfuil a lán dóibh siúd atá sa Státchóras ag déanamh cheana féin chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Luadh thar na blianta go raibh gá le níos mó infheistíochta chun cuidiú leo siúd atá sa Státchóras cheana féin. Luaigh muid cúpla uair ag an gcoiste gur chó…

SF 2025-05-14 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Duine amháin ar gach coiste réigiúnach.

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Glacaim leis go bhfuil an tAire ag triail a bheith praiticiúil maidir leis seo. Is ceist í seo maidir le cé a roghnódh iad, ach is féidir linn é sin a athrú chun a chinntiú gur as a stuaim féin, stuaim an ghrúpa sin nó gur an t-údarás féin a roghnódh nó a cheapfadh comhaltaí na gcoistí réigiúnacha. Tá sé sin sa reachtaíocht cheana féin. In alt 7(8) luaitear gurb é “an tÚdarás a cheapfaidh comhaltaí na gcoistí réigiúnacha” agus luaitear anseo na comhaltaí “tofa”. Dár ndóigh, beidh sé uathoibríoch más comhaltaí tofa …

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tairgim leasú Uimh. 24: Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach: "(c) Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag obair sa limistéar arb ina leith a bhunófar an coiste réigiúnach.".

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Is ceist theicniúil é seo. Leis an leasú seo, tá an tAire ag iarraidh nach mbeidh cead caiteachas a bhaineann le toghcháin chuig an údarás a chomhroinnt idir an tAire agus an t-údarás áitiúil. Nílim cinnte cad atá ag tarlú leis an leasú seo.

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

B’fhéidir gur rud teicniúil é seo ach, má tá toghchán eile ar an lá céanna, beidh an fhoireann cheannann chéanna ann sna hionaid vótála. Beidh an leictreachas céanna á úsáid. Tá an tAire chun a íoc as a chuid den bhille iomlán amháin. Is é sin atá i gceist. Ghlac mé leis go mbeadh an bille le comhroinnt.

SF 2025-05-14 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tuigim.

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tairgim leasú Uimh. 49: Ar leathanach 27, líne 28 agus líne 29, “ach ní bheidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh níos mó ná 2 théarma, cibé acu is téarmaí comhleanúnacha iad nó nach ea” a scriosadh. Is ceann eile de na rudaí a phléigh muid sa chomhchoiste nuair a bhí muid i mbun grinnscrúdaithe é sin. Is ceist bhunúsach ó thaobh an daonlathais í. Má tá daoine lena bheith tofa, ní chóir go mbeimis ag cur srian ar an méid uaireanta gur féidir leo rith. Tuigim cad atá daoine ag rá. Níl an srian sin ann d’aon toghchán …

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tá mé sásta é sin a dhéanamh. Is ceist í. Ar a lán bord Stáit eile, ní bhíonn ach téarma nó dhó acu siúd atá roghnaithe ag an Aire. Bheadh socrú mar sin cothrom leis na boird eile. Is an píosa sin faoi na daoine atá tofa atá i gceist againn má táthar ag cur srian leis sin. Tuigim roinnt de na fáthanna go raibh an píosa sin ann agus go raibh daoine ag smaoineamh air. B’fhéidir nach raibh an ionadaíocht cheart tugtha roimhe seo. Uaireanta, bíonn daoine ag rá gurb é seo an bealach le fáil réidh le duine atá ag glacadh…

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tairgim leasú Uimh. 50: Ar leathanach 27, idir líne 32 agus líne 33, an méid seo a leanas a chur isteach: “(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3: “Critéir i gcomhair ceapacháin. 3A. Cinnteoidh an tAire, maidir le daoine a cheapfar chun an Údaráis, gur daoine iad, i dtuairim an Aire, a bhfuil ag gach duine díobh taithí agus tuiscint shásúil ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: (1) pleanáil teanga; (2) cur chun cinn na Gaeilge; (3) fiontraíocht agus cruthú fostaíochta; (4) forbairt p…

SF 2025-05-14 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tairgim leasú Uimh. 51: Ar leathanach 27, idir líne 39 agus líne 40, an méid seo a leanas a chur isteach: “4B. Ceapfaidh an tAire duine chun an Údaráis as ceann de na ceantair a shonraítear in alt 26D arb oileáin amach ón gcósta iad más rud é nach ann d’aon chomhaltaí tofa as na ceantair sin.”.

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tá siad seo suntasach toisc nach mbaineann siad leis an mBille in aon chor. Tuigim an sórt cleasaíocht a tharlaíonn agus nílim chun cur ina gcoinne. Caithfidh mé a rá, áfach, go gcothaíonn sé frustrachas sa Fhreasúra nuair a deirtear linn nach mbaineann an méid atá á iarraidh againn leis an mBille, agus ansin feicimid na leithéidí seo ag teacht isteach. Tá gnéithe praiticiúla i gceist sa chás seo. Tá soiléiriú á lorg agam faoin athrú. Tá an tAire á rá gur gá an leagan Gaeilge a athrú toisc go bhfuil an leagan Béarl…

SF 2025-05-14 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Tá trí chuid dhifriúla ann-----

SF 2025-05-14 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

-----rud a dhéanann níos deacra é. Tá trí ghné dhifriúla.

SF 2025-05-14 · Dail · Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

Níl fadhb ar bith againn leis seo. Is rud praiticiúil é seo a tharlaíonn d'aon ghuth agus ba chóir go mbeadh sé ann. Tá mé sásta tacú leis.

← Previous Page 19 of 75 Next →