← All members
Aengus Ó Snodaigh
Rhetoric & votes →
Dublin South-Central
· active 2020-03-19 to 2026-10-01
1,487Contributions
1,133Votes cast
5.0%On prevailing side
417Tá
703Níl
13Staon
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 56 of
1,120 decisive votes
(13 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party over time
This is the point of the site: contributions keep the party
held on the day, not the one held now.
Membership spells on record:
SF
2002-05-17–2007-04-30 · SF
2007-05-24–2011-02-01 · SF
2011-02-25–2016-03-09 · SF
2016-03-10–2020-01-14 · SF
2020-02-08–2024-11-08 · SF
2024-11-29–present
Record
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Sular chríochnaíomar an lá faoi dheireadh, d’ardaigh mé an cheist go raibh mé ag iarraidh caint faoi alt 5, mar is ceann de na hailt is tábhachtaí sa Bhille seo. Tá sé seo ríthábhachtach, mar, in ainneoin go bhfuil roinnt de leasuithe Shinn Féin as ord, tá an bhuncheist ann go fóill ó thaobh dhéantús an bhoird é féin, agus go bhfuil toghchán i gceist. Fós féin, tá an tAire ag roghnú daoine chun dul ar an mbord seachas go bhfuil toghchán ina iomláine ann. Fiú sa toghchán sin, níl ach deich suíochán i gceist. Tá sé s…
SF
2025-04-09 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Is an t-alt é féin atá i gceist.
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Níl mé chun dul siar ar gach rud atá ráite agam cheana. Ba chóir go mbeadh níos mó daonlathais seachas a mhalairt. Is é sin an fáth go bhfuil mé den tuairim gur chóir go mbeadh níos mó suíochán ann. Ní féidir liom cur i gcoinne an t-alt seo mar tá daonlathas de shórt éigin ann. Tá toghchán ag teacht ar ais agus is é sin atá á dhéanamh ag an alt ach amháin go bhfuil roghnú ag an Aire chomh maith céanna. Is é sin ceann de na pointí.
Luaigh mé an lá faoi dheireadh gur féidir ainmniúchán a bheith ann do na hoileán agus…
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tuigim gur rud casta é ach ní bheadh gach duine in ann seasamh sa toghchán mar ní bheadh siad inniúil sa Ghaeilge. Is é sin ceann de na buncháilíochtaí atá ann. Is alt 5(c)(2E) atá i gceist leis an trácht atá ar siúl againn anseo. Ghlacamar cheana féin - bhí díospóireacht ann ag an gcoiste agus anseo - gur gá do dhuine a bheith inniúil sa Ghaeilge agus ábalta gnó an údaráis a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Is bunrud é sin. Tá fíorbheagán Gaeilgeoirí sa tír seo - tá roinnt acu ann – a bheadh naimhdeach don Ghaeilge …
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Maidir leis na leasuithe atá in ord, táimid ag déileáil le leasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11, sraith leasuithe a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta. Bhíomar ag labhairt faoi sin tamall ó shin agus faoi na feidhmeanna atá nó ar chóir a mbeadh nó a bhéas ag an údarás. Bhí cúpla agóid thar na bliana ag BANÚ nó Tinteán agus ag Conradh na Gaeilge lasmuigh de Thithe an Oireachtais. D'ardaigh siad an cheist faoin easpa tithíochta agus an ghéarchéim ar leith atá sa Ghaeltacht nach bhfuil i gceantair eile. Tá mé tar é…
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Maidir leis na trí leasú atáimid ag déileáil leo faoi láthair, leasú Uimh. 8 go dtí 11, is cinn cuibheasach simplí iad. Níl siad ach ag déanamh cinnte de go bhfuil na cumhachtaí breise ag an údarás agus ní cumhachtaí móra atá i gceist ann. Tá siad ag déanamh cinnte de má tá an t-údarás ag díol nó ag ceannach, gur féidir leis é sin a dhéanamh i gceart. D'fhéadfadh an t-údarás talamh a dhíol. Bheadh sé in ann talamh nó teach a dhíol nó a chur ar léas. Aontaím leis an Teachta Connolly nár chóir go mbeimid i gcónaí ag …
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tá súil agam go mbeidh na treoirlínte againn agus guím gach rath ar an obair sin. Tuigim go bhfuil an tAire sa jab ar feadh tréimhse an-ghairid ach tá an t-eolas ag an údarás maidir leis na fadhbanna a shíleann sé atá aige. Ní gá ach scairt a chur ar bhaill an údaráis agus leagfaidh siad síos an bhuairt atá orthu nó cá háit a bhfuil soiléireacht ag teastáil maidir leis na feidhmeanna tithíochta nó an chumhacht a shíleann siad nach bhfuil acu nó áit nach bhfuil an mhaoin ann. Níor tugadh airgead riamh d’Údarás na Ga…
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Gabhaim buíochas leis an Aire as an dtairiscint sin. Tá mé breá sásta ar bhonn na geallúna sin na trí leasú seo a tharraingt siar. Measaim go mbeidh sé tábhachtach, fiú má tá an Rialtas ag iarraidh é seo a bhogadh ar aghaidh, sula mbogaimid go dtí Céim na Tuarascála go mbeadh na cruinnithe sin ag an Aire leis na heagrais a luaigh sé. Tá an cheist a d’ardaigh an Teachta Connolly an-tábhachtach chomh maith. Is féidir linne a bheith ag rá anseo go bhfuil an chumhacht ag an údarás ach má tá an Ard-Aighne ag rá nach bhf…
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tairgim leasú Uimh. 9:
Ar leathanach 13, líne 4, “nó teach” a chur isteach i ndiaidh “talamh”.
Tá sé sin á tharraingt siar.
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tairgim leasú Uimh. 10:
Ar leathanach 13, líne 4, “, a léasú nó a ligean” a chur isteach i ndiaidh “a dhíol”.
Tá sé sin á tharraingt siar.
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tairgim leasú Uimh. 11:
Ar leathanach 13, líne 8, “agus féadfaidh an tÚdarás talamh nó teach a cheannach, a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a athchriosú, nó a shealbhú don chúis seo” a chur isteach i ndiaidh “sa Ghaeltacht”.
Tá sé sin á tharraingt siar.
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tairgim leasú Uimh. 15:
Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:
“(2) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):
“(10) Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar …
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tá an ceart ag an Teachta Ó Conghaile.
Nuair atá tú ag caint faoi leasuithe, deir tú an méid atá le rá agat agus ansin síleann tú go dtuigeann daoine an loighic atá ann. Sa chás seo, ní gá ach féachaint ar leasú Uimh. 15. Tá sé an-simplí. Deir sé "Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú". Nílim…
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tairgim leasú Uimh. 17:
Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
7 . Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):
“(10) Déanfaidh an tÚdarás straitéis a ullmhú agus a fhoilsiú nach déanaí ná bliain tar éis achtú an Acht a seo, i gcomhairle le pobail Ghaeltachta, Uisce Éireann, Bord Soláthair an Leictreachais, Líonraí Gáis Éireann, Bonneagar Iompair Éireann, an Coimisiún um Rialáil Cumarsá…
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
Tairgim leasú Uimh. 19:
Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
7 . Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):
“(10) Reáchtálfaidh an tÚdarás cruinnithe míosúla i seisiún poiblí, a mbeidh rochtain oscailte ag an bpobal agus ag na meáin orthu, ach beidh de chumas agus de chead ag an mbord cinneadh a dhéanamh roimh ré nach féidir leo ábhair áirithe, a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile…
SF
2025-04-09 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
D’úsáid an tAire mar shampla an Choiste Gnó anseo. Gach seachtain tugtar tuairisc dúinn go hoscailte sa Teach seo, tríd an bPríomh-Aoire, ar cad a bhí á phlé ag an gCoiste Gnó. Maidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais, is bord comhlachta atá i gceist ansin - tá príomhfheidhmeannach ann - a bhíonn ag plé ceisteanna caiteachas agus a leithéid. De ghnáth in aon bhord, ní dhéantar é sin i mbealach atá oscailte don phobal ach bíonn an cinneadh ar fáil sa deireadh thiar thall. Sa leasú seo, níl muid ach ag lorg go mbead…
SF
2025-04-03 · Dail
Diverting Young People from Criminal Activity: Statements (Resumed)
Dedicated youth centres work.
Anybody who has visited The Base in Ballyfermot will have seen the work carried out there and the example set. As Deputy Donnelly said, we cannot reach everybody, but we can try. We can try to ensure there is investment in those services, whether in Ballyfermot Youth Service or the likes of the Targeted Response with Youth, TRY, project that was operating in Donore Avenue. These are services reaching out to the hardest-to-reach young men and women running amok in communities. The idea …
SF
2025-04-02 · Dail
Housing Emergency Measures: Motion [Private Members]
Is léir do gach duine go bhfuil éigeandáil tithíochta ann. Caithfidh mé súil ar ghné amháin toisc go bhfuil roinnt de m’am imithe. If the Government regarded this as a housing emergency, it would be funding regeneration projects to the hilt to make sure that those public sites would have public, social and affordable housing.
We now have a situation where the Dublin City Council CEO has said he is putting a three-year pause on regeneration projects in this city because of a lack of central government funding. I can…
SF
2025-04-01 · Dail
An tOrd Gnó - Order of Business
SF
2025-04-01 · Dail
An tOrd Gnó - Order of Business
It is just a point of clarification on what the Government Chief Whip just spoke about. I was at the meeting of the Business Committee, as was the Ceann Comhairle, and other business was set down for Thursday. That business fell last Thursday, which meant that there was time. The objection to us looking for statements on tariffs was raised and it was stated that no time was available-----