← All members
Aengus Ó Snodaigh
Rhetoric & votes →
Dublin South-Central
· active 2020-03-19 to 2026-10-01
1,487Contributions
1,133Votes cast
5.0%On prevailing side
417Tá
703Níl
13Staon
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 56 of
1,120 decisive votes
(13 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party over time
This is the point of the site: contributions keep the party
held on the day, not the one held now.
Membership spells on record:
SF
2002-05-17–2007-04-30 · SF
2007-05-24–2011-02-01 · SF
2011-02-25–2016-03-09 · SF
2016-03-10–2020-01-14 · SF
2020-02-08–2024-11-08 · SF
2024-11-29–present
Record
SF
2025-03-26 · Dail
Statute Law Revision Bill 2024 [Seanad]: Second Stage
I welcome this Bill. It is the fourth if not the fifth such legislation I have addressed, that is, a Statute Law Revision Bill, where the State eventually gets around to getting rid of old British laws that have sat on our statutes. At this stage there are quite a number that are totally superfluous because they are proclamations to arrest people who have been dead for over 100 if not 200 years. It shows how the Statute Book can get clogged up, especially given the over 850-year history of this island being subject…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tá ceist agam maidir leis seo agus is é seo ceann de na rudaí atá gafa chomh maith le leasú atá agam níos sia ar aghaidh. Tá míniú á thabhairt anseo maidir le comhaltaí ceaptha. Táim den tuairim nár chóir go mbeadh comhaltaí ceaptha ach gur comhaltaí tofa a bheadh i gceist. Ar líne 11, ar leathanach 9 den Bhille luaitear i lúibíní: “ciallaíonn ‘comhalta ceaptha’ comhalta dá dtagraítear in alt 6(2)(a)”. Is é sin an ceann atá i gceist agam i leasú Uimh. 2. Is é sin an fáth go mbeadh sé i gceist agam leasú a chur síos…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Maidir le halt 4, ní hé nach n-aontaím leis ach is é go bhfuilim ag lorg soiléirithe. Tá cumhachtaí cuibheasach as cuimse, de réir cosúlachta, á mbronnadh ag an Aire air féin anseo. Nuair a théitear ag líne 27, luaitear in alt 5A(2)(b): “féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu nó ann is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán nó an ordaithe.” Níl a fhios agam an fáth go bhfuil an cheist seo chomh hoscailte is atá sé leagtha s…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Táimid ag déileáil le halt 4 agus an chuid a deir go leasaítear an príomh-Acht leis an alt seo a chur isteach. Is alt 5A(2)(b) atá i gceist agam. Tá sé beagáinín níos casta ná an ghnáthfhoráil a bheadh ann ag an staid seo. Níl a fhios agam ach tuigim, uaireanta, go mbíonn nithe breise de dhíth ar an Aire nach bhfuil clúdaithe sna rialacháin ach tá sé seo ag dul chun tosaigh ar na rialacháin i mo thuairim féin agus níl aon oversight ag an gcoiste nó ag an Dáil ar na rialacháin atá anseo mar níl sé leagtha síos.
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tá mé ag lorg soiléirithe maidir leis an bhfáth go bhfuil sé chomh hoscailte seo nó an bhfuil sampla ann ar céard atá i gceist sna cumhachtaí nó sna forálacha breise seo nó an bhféadfadh an tAire tabhairt faoi seo.
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Níl leasú curtha síos agam mar nílim ag rá go bhfuil mé ina choinne. Nílim ach ag iarraidh ceist a chur ar an bhfáth go bhfuil sé chomh hoscailte sin. B'fhéidir gur gnáthfhoráil é ach ní cuimhin liomsa é a bheith chomh hoscailte sin i reachtaíocht eile. Más é seo an gnáthchleachtas, bheinn ag cur leasú amach anseo ag rá má tá rialachán dá leithéid á dhéanamh gur chóir go mbeadh an rialachán seo ag teacht os comhair an choiste agus an tAire ag teacht chun míniú a thabhairt ar an bhfáth go bhfuil sé ann mar go bhfuil…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tairgim leasú Uimh. 2:
Ar leathanach 11, líne 16 a scriosadh.
Ní thuigim i gceart an fáth go bhfuil leasú Uimh. 1 as ord. Tuigim ach bíonn an argóint seo agam de shíor. Bíonn sé an-deacair dúinn ar an taobh seo den Teach aon rud a chur chun cinn atá ag iarraidh cuidiú leis an bpobal, nó fiú cuidiú leis an Rialtas sa chás seo, má tá muirear ar ioncam i gceist. Déanann sé seo deacair dúinn. Sa chás seo táimid nó bhíomar ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go raibh ionadaithe ó thoghcháin i gceantair bhreise i gceist agu…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tá an oiread sin plé le déanamh anseo tá sé deacair díriú isteach ar cén chuid ba chóir dúinn plé a dhéanamh air.
Déileálfaidh mé le ceist amháin. Ghabh an Teachta Tóibín a bhuíochas liom as an leasú ach tá an leasú bunaithe ar an tuarascáil a dhein an comhchoiste. Bhí an tAire féin ar an gcomhchoiste sin ar feadh tréimhse. Dhein muid staidéar agus lorg muid aighneachtaí. Bhí orainn é sin a dhéanamh mar tháinig cinnteidil an Bhille seo os ár gcomhair le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach. Is tamall ó shin a tharla…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Dúirt an tAire nach mbeadh an bord neamhspleách dá gceannófaí saineolas isteach, ach ní bheadh an bord neamhspleách mar go mbeadh sé spleách ar an Aire mar eisean a bheadh tar éis seisear den 16 ball a roghnú. Ní fheicim cad atá i gceist ansin.
Ó thaobh na gcuntas de, is cuma cén bord Stáit atá ann - tá sé freagrach don Choiste um Chuntais Phoiblí agus don Aire. Bheadh an smacht ag an Aire gach uile bhliain, mar is eisean an duine atá i gceannas ar an airgead a dháileadh ar an údarás. Má fheictear go bhfuil an t-úd…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Nílimid chun aontú air seo, seachas gur bord Stáit é. Is é sin an teideal atá air agus tagann an t-airgead ón Stát. Níl sé go hiomlán cosúil le comhairle contae in ainneoin go raibh roinnt daoine ag iarraidh go mbeadh sé go hiomlán ina chomhairle contae. Bhí feachtas ann ar feadh tréimhse, ach níor aontaigh mé gur cheart go mbeadh a leithéid ann. Tá dualgais bhreise le bheith tugtha don údarás le go mbeadh sé in ann díriú isteach níos mó ar cheisteanna tithíochta. Dúirt an tAire go bhfuil buiséad ar leith de €28 mi…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tairgim leasú Uimh. 4:
Ar leathanach 11, líne 19 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur isteach ina hionad:
“ “(2AA) Ceapfaidh comhaltaí an Údaráis cathaoirleach agus leas-chathaoirleach óna measc féin uair sa bhliain, ag déanamh malartú chun a chinntiú nach mbeidh níos mó ná tréimhse amháin mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach le linn téarma amháin ag duine nó daoine a dhéanann ionadaíocht thar ceann an chontae chéanna, agus ag cinntiú gur as contaetha éagsúla iad an cathaoirleach agus an leas-chath…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá sé go maith a chloisteáil go bhfuil an tAire sásta díriú isteach air. Measaim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil neamhspleáchas éigin le léiriú, pé bealach a dhéanann muid é sin. Tá sé seo difriúil ó na boird Stáit eile, in ainneoin go bhfuil leas-chathaoirleach ar roinnt boird Stáit. Tá leas-chathaoirleach ar bhord Fhoras na Gaeilge, go bhfios dom. Tá a fhios agam gur foras tras-Teorann atá i gceist leis agus b’fhéidir go bhfuil rialacha difriúla aige. Leis na leasuithe seo, tá mu…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tuigim cad atá á lorg ag an Aire. Ní bealach timpeall air é seo ach, mar shampla, rinneamar faoi dhó sa choiste Gaeilge ainmniúchán chuig an Aire, a dhéanann an t-ainmniúchán sa deireadh thiar thall, maidir le bord TG4. Ní i gcónaí a tharlaíonn sé seo. Is é nó í an tAire sa deireadh thiar thall a dhéanann bord a ainmniú ach mar shórt halfway house roimhe sin tá ról ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, PAS, nó ag duine éigin eile chun é sin a dhéanamh. Is é sin a bheadh i gceist, measaim, sna hainmniúcháin.
Tuigi…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tacaím leis an Teachta McGuinness. BhÍ sé scannalach go raibh daoine ar bhord Údarás na Gaeltachta ag tréimhsí difriúla nach raibh cumas Gaeilge maith go leor acu chun tuiscint a bheith acu ar céard a bhí ag tarlú ag an mbord nó na doiciméid a thuiscint. Luaigh an tAire saineolas ach ní raibh fiú amháin an bunleibhéal acu chun tuiscint cheart a bhaint as na doiciméid a bhí á seoladh ag an údarás. Níl mé ag rá gur chóir go mbeadh tuiscint ag gach duine ag leibhéal saineolais innealtóireachta nó a leithéid agus uaire…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Is é ceann de na fáthanna go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh sé sa bhunreachtaíocht ná go bhfuil muid ag lorg cinnteachta agus go mbeadh sé soiléir ón tús. Tugann sé sin an t-am dóibh siúd atá ag smaoineamh ar a bheith san iomaíocht mar iarrthóir do thoghchán amach anseo, agus thuigfeadh siad gur sin an caighdeán atá de dhíth.
Is é ceann de na fáthanna go bhfuil dhá leasú istigh, leasú Uimh. 5 i m’ainm agus ainmneacha na dTeachtaí McGuinness, Quaide agus Connolly agus leasú Uimh. 6 i m’ainm agus ainm an Teachta M…
SF
2025-03-26 · Dail
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
No. Níl mé á dtarraingt siar. Tá mé ag iarraidh go gcuirfear iad.
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tairgim leasú Uimh. 6:
Ar leathanach 11, líne 28, “, agus beidh an leibhéal sin ag leibhéal B2 faoin gCreat nó níos airde” a chur isteach i ndiaidh “a fhorordú”.
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
Tairgim leasú Uimh. 7:
Ar leathanach 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh líne 34:
“(2G) Ní bheidh duine intofa má tá siad mar chomhalta den Dáil, den Seanad, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil. I gcás go dtoghfar an duine don Dáil, don Seanad, do Pharlaimint na hEorpa, nó d’údarás áitiúil, fad is atá siad mar chomhalta den Údarás, déanfaidh an tAire an liosta cúltaca atá luaite i bhfo-alt (2F) a úsáid chun comhalta nua a roghnú le teacht i gcomharbacht air nó uirthi tráth nach déanaí ná seac…
SF
2025-03-26 · Dail
· Gaeilge
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
An rud atá i gceist go simplí ná nach bhfuilimid ach ag iarraidh cinnte a dhéanamh de go gcaitear leis na toghcháin seo cosúil leis na toghcháin eile. Nuair a bhí díospóireacht ann chun fáil réidh leis an dé-sainordú i dTithe an Oireachtais, is cuimhin liom go raibh chuile dhuine ag gearán agus ag rá go dtitfeadh an tóin as an bpolaitíocht. Dúirt siad nár chóir go mbeadh cosc ar chomhairleoirí contae nó cathrach bheith ina dTeachtaí Dála ag an am céanna nó mar an gcéanna leis sin, ina gcomhaltaí de Phairlimint na h…