Bhí sé i gceist agam a bheith istigh níos luaithe agus labhairt air an gceist seo. Is ceist thábhacht í toisc go bhfuil airgead i gceist chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an Teach seo ag obair. Gan an t-airgead nó an infheistíocht sin, tá dainséar ann. Cosnaíonn daonlathas airgead; tá sé chomh simplí leis sin. Tá daoine amuigh ansin agus b’fhearr leo nach mbeadh muid anseo. B’fhearr leo nach mbeadh an Dáil ann agus nach mbeadh muid ag caitheamh airgid. Tá sé tábhachtach i gcónaí go smaoinímid air seo. Caithfimid …