Gabhaim buíochas. Ar dtús báire, leanfaidh mé leis an téama a bhí á lua ag an Teachta Burke, is é sin ag gabháil buíochas leo siúd atá ag obair go dian dícheallach sa chóras sláinte, ag tabhairt cúram d'othair agus dóibh siúd a bhíonn go minic in ísle brí nuair a shroicheann siad an córas slainte, cibé in ospidéal, ag an dochtúir, nó ag freastal ar dhuine de ba daoine eile atá ag déileáil leo go gairmiúil lá i ndiaidh lae.
Ar ndóigh, tá aithne agamsa, cosúil le gach duine eile sa Seomra seo, ar a lán acu toisc ghná…