← All members
Aengus Ó Snodaigh
Rhetoric & votes →
Dublin South-Central
· active 2020-03-19 to 2026-09-17
1,483Contributions
1,124Votes cast
5.0%On prevailing side
414Tá
697Níl
13Staon
On prevailing side: this member voted
with the winning side in 56 of
1,111 decisive votes
(13 abstentions
excluded). Read it as a government-or-opposition indicator rather than a
measure of influence — the figure is near 100% for members supporting the
government of the day and near 0% for those opposing it.
Party over time
This is the point of the site: contributions keep the party
held on the day, not the one held now.
Membership spells on record:
SF
2002-05-17–2007-04-30 · SF
2007-05-24–2011-02-01 · SF
2011-02-25–2016-03-09 · SF
2016-03-10–2020-01-14 · SF
2020-02-08–2024-11-08 · SF
2024-11-29–present
Record
SF
2026-04-15 · Dail
· Gaeilge
Football: Statements
Tá sé go hiontach go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl. Is sórt ráitis atá i gceist agus caint faoi rudaí seachas díospóireacht. Is trua nach bhfuil rún os ár gcomhar gur féidir linn ar fad tacú leis, mar shampla go dtacaíonn Tithe an Oireachtais le gach uile iarracht chun an spórt seo a chur chun cinn le cinntiú go bhfuil infheistiú ceart ann ar gach leibhéal. Mar atá cloiste agam ó tháinig mé isteach sa Seomra agus fiú roimhe sin, táimid ag tabhairt aitheantais don obair leanúnach atá ar siúl acu siúd atá gafa …
SF
2026-03-26 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Tithíochta
Tá brón orm as bheith beagáinín déanach. Ghlac an Dáil seo le cinneadh nuair a bhí rún os comhair na Dála maidir le cúrsaí tithíochta. Laistigh den rún sin bhí cáineadh ar an gcur chuige a bhí ag an Rialtas ó thaobh na tithíochta sa Ghaeltacht go dtí seo. Cad atá chun tarlú dá réir?
SF
2026-03-26 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Tithíochta
Tá súil agam go mbeidh Bille Údarás na Gaeltachta ag teacht chugainn ar Chéim an Tuarascála gan mhoill mar tá obair fós le déanamh ar an mBille sin le cinntiú go mbeidh, ó thaobh an róil a luadh maidir le tithíocht, ról ceart ag an údarás amach anseo maidir leis na suíomhanna atá aige ach chomh maith leis sin ó thaobh chuir chuige. Tá ról ag Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga, ní díreach tionsclaíocht. Déanann daoine dearmad go minic ar an ról lárnach sin atá aige. Ní gá an talamh atá ag an údarás a dhí…
SF
2026-03-26 · Dail
· Gaeilge
Cúrsaí Tithíochta
Níl mé ag rá nach bhfuil aon rud ag tarlú. Aithním go bhfuil nithe ag tarlú. Tá siad ag tarlú i gceantair ar leith ar luas rómhall, áfach. Caithfidh muid straitéis a bheith againn sna háiteanna ina bhfuil na scoileanna i mbaol de bharr easpa páistí. Má aithníonn muid é sin anois, is cóir go mbeidh straitéis ann. Níl de dhíth ach dhá nó trí theach le teaghlaigh iontu chun scoileanna a choimeád oscailte i roinnt de na ceantair seo. Ní mór dúinn dul isteach agus féachaint ar líon na suíomhanna atá ann agus, mar a dúir…
SF
2026-03-26 · Dail
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
SF
2026-03-25 · Dail
Schools Building Projects
Like Deputy Ardagh, I also commend the school community and in particular, those students who are attending the school who have had to put up with two campuses, which is a very difficult thing when a person is trying to concentrate on his or her studies and education. I commend Sarah Green, the school principal, and the whole team and the board of management on their work in trying to hold this together. This project is an amalgamation of three schools: Caritas College, St. John's College De La Salle and St. Domini…
SF
2026-03-25 · Dail
Schools Building Projects
Cosúil leis an Teachta Ardagh, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as díriú isteach ar an gceist seo.
It is important the message goes out here that progress will happen. It is pity that it did fall well behind because we still do not have even the integrated project team in place. For anything to happen that has to be in place, and planning permission has to be sought, along with tenders for that building. I do not wish to be dismissive in some ways, but given the answers I have received in r…
SF
2026-03-25 · Dail
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
SF
2026-03-05 · Dail
· Gaeilge
An Bille um Ainm agus Seoladh Gaeilge an Duine (Síneadh Fada), 2026: An Chéad Chéim
Tairgim:
Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille da ngairtear Acht chun cruinneas in úsáid ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge, lena n-áirítear síneadh fada ar ghutaí, a chosaint, trí cheartúcháin a éascú ar thaifid de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, trí dhualgas a chur ar rialálaithe a chinntiú go léirítear meas ar ainmneacha agus seoltaí custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse faoin 1 Eanáir 2030, agus tríd an reachtaíocht a leasú faoina ndéanfar rialáil ar chonarthaí amach anseo do chóras na bpostchód náis…
SF
2026-03-05 · Dail
An Bille um Ainm agus Seoladh Gaeilge an Duine (Síneadh Fada), 2026: An Chéad Chéim
Tairgim: "Go dtógfar an Bille in am Comhaltaí Príobháideacha."
SF
2026-03-05 · Dail
· Gaeilge
Situation in the Middle East: Statements
Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an díospóireacht seo againn an tseachtain seo. Ba chóir go mbeadh muid ag caint ar cheisteanna idirnáisiúnta i bhfad Éireann níos minice toisc gur tír bheag imeallach ó thaobh na hEorpa muid ach go bhfuil ceangail againn timpeall an domhain. Féachann a lán daoine - nó d'fhéachadar go dtí le déanaí - ar Éirinn mar ghuth calma síochánta a bhfuil meas ag a lán den domhan uirthi. Is trua go bhfuil an meas sin ag dul in éag toisc na gcinntí ar ghlac an Rialtas seo agus roinnt rialtas eile …
SF
2026-03-04 · Dail
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
The Taoiseach is going to look at it.
SF
2026-03-04 · Dail
· Gaeilge
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026: An Chéad Chéim
Tairgim:
Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille da ngairtear Acht do leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 chun an ceart chun dul i mbun cumarsáide trí mheán na Gaeilge gan sárú a chosaint; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.
Is lá stairiúil é inniu leis an gcéad phíosa reachtaíochta i nGaeilge amháin á chur faoi bhráid na Dála. Reachtaíocht atá ag cosaint cearta teanga atá ann agus tá sé tráthúil é seo a dhéanamh le linn Sheachtai…
SF
2026-03-04 · Dail
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026: An Chéad Chéim
Tairgim: “Go dtógfar an Bille in am Comhaltaí Príobháideacha.”
SF
2026-03-04 · Dail
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Ceart chun an Ghaeilge a Úsáid) (Leasú), 2026: An Chéad Chéim
Before we conclude, tá gnó fíorthábhachtach agam on a point of order. It relates to today's business. We publish the Question Paper everyday and I have the right to put questions in Irish. Some of them have appeared in English today. Given that it is Seachtain na Gaeilge, that is madness. It needs to stop.
SF
2026-03-03 · Dail
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
SF
2026-03-03 · Dail
· Gaeilge
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
Aontaím leis an méid deireanach a bhí le rá ag an Aire. Tá sé orainn ar fad cuidiú leo siúd nach bhfuil Gaeilge líofa acu an Ghaeilge sin a úsáid agus tacú leo agus iad ag dul ar thuras foghlama na Gaeilge in athuair nó den chéad uair. Tá súil agam go bhfuil an ceart ag an Aire go mbeidh níos mó díobh sin nach bhfuil an mhuinín acu an Ghaeilge a úsáid anseo an bhliain seo chugainn agus muid ag tabhairt faoi na ráitis seo. Bíonn na ráitis seo againn gach uile bhliain. Anuraidh, bhí sé go hiontach an oiread sin Gaeil…
SF
2026-03-03 · Dail
· Gaeilge
Tithíocht Gaeltachta: Tairiscint [Comhaltaí Príóbháideacha]
Tairgim:
Go ndéanann Dáil Éireann:
a thabhairt dá haire, le himní:
— go bhfuil an chaoi nach féidir le daoine teach dá gcuid féin a fháil ar cíos, a cheannach, ná a thógáil sa Ghaeltacht, ina chúinse mór ag brú oibrithe agus teaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu amach as an gceantar, rud a dhéanann dochar d'iarrachtaí pleanála teanga agus d'infheistíocht shuntasach an Stáit trí inmharthanacht na bpobal a chur i mbaol;
— go bhfuil céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i gceantair Ghaeltac…
SF
2026-03-03 · Dail
· Gaeilge
Tithíocht Gaeltachta: Tairiscint [Comhaltaí Príóbháideacha]
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Murchú agus gach duine a labhair sa díospóireacht seo.
Measaim go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfuil díospóireacht againn dírithe ar ábhar ar leith chuile bliain. Toghadh mise tamall maith ó shin in 2002. Bíonn ráitis i gceist uair sa bhliain. An fhadhb le ráitis nach bhfuil ceangailte le haon rud ná gur féidir le haon duine teacht isteach anseo agus béalghrá a chraobhscaoileadh ó thaobh na teanga. Measaim go raibh sé go maith anuraidh agus go bhfuil sé go maith i mbliana go bhfui…
SF
2026-03-03 · Dail
· Gaeilge
Cistiúchán Roinne
Tá an cheist seo dírithe ar an Aire. Táim ag iarraidh a fháil amach cad go díreach atá i gceist aige maidir le ciste caipitil ealaíon a bhunú ar mhúnla an chiste chaipitil spóirt, atá ag oibriú faoi láthair, chun feabhas a chur ar na spásanna atá ar fáil d'ealaíontóirí timpeall na tíre.