Cosúil leis na Teachtaí eile atá tar éis labhairt, fáiltím roimh an mBille seo. Tá sé go maith go bhfuil, sa deireadh thiar thall, one-stop shop ag tarlú. Sin ceann de na rudaí a bhí an Teachta romham ag lorg - go mbeadh na seirbhísí ar fad atá á gceangal le chéile ar fáil in ionad amháin. B’fhéidir gur suíomh Idirlín a bheidh ann. Tá loighic leis an gcumasc seo ó thaobh Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, an Coimisinéir Luachála agus an tÚdarás Clárúcháin Maoine ag teacht le chéile. An Bord Snip - Colm McCarthy agus …